For Whom the Bell Tolls
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Úrscéal de chuid Ernest Hemingway is ea For Whom the Bell Tolls, a d'fhoilsíodh sa bhliain 1940.
Clár ábhair |
[athraigh] An leabhar
Is líne ó dhán an fhile Sasanaigh, John Donne, é teideal an leabhair seo:
- "No man is an island, entire of itself;... and therefore never send to know for whom the bell tolls; it tolls for thee."
Bunaíodh an t-úrscéal ar thaithí Hemingway i gCogadh Cathartha na Spáinne. Tá an scéal suite in 1937, nuair a bhfuil na poblachtánaithe ar tí ionsaí mór a thosnú ar Segovia. Glacann sabaitéir Meiriceánach, Robert Jordan, tasc chun droichead a phléascadh ionas nacn mbeadh na náisiúnaithe in ann frith-ionsaí a chur sa tsiúl. Buaileann sé le banda treallchogaidh Phablo sna sléibhte agus an t-éacht á ullmhú aige. Tá bean ann, María, a raibh ina príosúnaí ag na náisiúnaithe i Valladolid. Cuireann Jordan suim inti, cé go bhfuil eagla air a chroí a oscailt d'éinne. D'fhulaing María go mór ag lámha na náisiúnach. Casann an scéal ar mheon Robert Jordan, a dhualgas don tásc idir lámha aige, a dhifríochtaí le ceannaire an bhanda atá dá thacú, Pablo, agus an cion atá ag Jordan do Mharía. Tá ról lárnach sa scéal freisin ag bean Phablo, Pilar, a insíonn cúpla eachtraí uafásacha ó thús an chogaidh inar maraíodh na náisiúnaithe go barbarach ina baile féin tar éis éirí amach Franco.
Déanann an banda ionsaí ar na saighdiúirí náisiúnacha atá ag cosaint an droichid agus éiríonn le Jordan a dhinimít a chur agus an droichead a phléascadh. Tá na sléibhte breac le saighdiúirí Náisiúnacha i ndiaidh an ionsaí agus goineadh Jordan go dona agus an banda ag teitheadh ar a gcapaill. Fanann sé ann chun a chomhghleacaithe a chosaint agus iad ag teitheadh. Críochnaíonn an scéal le Jordan ar an dtalamh leis an meaisínghunna agus é ag smaoineamh faoin saol nach mbeidh sé in ann a chaitheamh le María.
Baineann Hemingway úsáid as sean-téarmai Bhéarla ar nós thee agus thou in ionad you chun blas an chanúint áitiúil Spáinnise a chruthú.
[athraigh] Scannán
Rinneadh scannán cáiliúil den leabhar i 1943 le Gary Cooper i bpáirt Robert Jordan agus Ingrid Bergmann i bpáirt María. Bhuaigh Katina Paxinou, a raibh páirt Pilar aici, an gradam Oscar don banaisteoir taca is fearr.
[athraigh] Ceol
Is amhrán é "For Whom the Bell Tolls" ón grúpa Metallica ar a n-albam Ride the Lightning ó 1984. Is tagairt do chuid den leabhar é an t-amhrán, ina bhfuil ceannaire bhanda treallchogaithe, El Sordo, timpeallaithe ag saighdiúirí náisiúnacha ar chnoc. Tagann eitleáin chun na treallchogaithe go léir a bhuamú is maraítear iad go léir.
[athraigh] Nasc idirlín
- http://www.imdb.com/title/tt0035896/| For Whom the Bell Tolls san Internet Move Database.