Cogadh Saoirse na hAilgéire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba cheann de na cogaí díchoilínithe ba thábhachtaí agus ba chasta é Cogadh Saoirse na hAilgéire (1954–62) . Tá sé tábhachtach ó thaobh na stailc treallchogaí, troid maquis, Sceimhlitheoireacht in aghaidh ghnáthdhaoine ar gach taobh, agus frith-sceimhlitheoireacht a rinne arm na Fraince, agus círéib idir arm na Fraince, na Ailgéir-Eorpach (na Pied Noirs) agus grúpa dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéir na Harkis, i gcoinne an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte), Gluaiseacht Náisiúnta na hAilgéire (MNA), le tacaíocht ón bPáirtí Cumannach Francach agus an Páirtí Cumanach na hAilgéire, Pieds-Noirs a bhí liobrálaigh (Eorpaigh-Ailgéirigh), agus roinnt Araib-Ailgéirigh a bhí i bhfabhar neamhspleáchas. Ag tosú go simplí i Mí na Samhna 1954 i rith an Toussaint Rouge, chuir an Cogadh seo as an Fhrainc go mór, thit Ceathrú Poblacht na Fraince as a chéile dá bharr. Faoi ordaithe rialtas Guy Mollet (SFIO), thosaigh arm na Fraince feachtas "síothú" san áit, a bhí fós measta mar chuid inmheánach den Fhrainc. Chas an "oibríocht Ordaithe Póiblí" go tapa i gcogadh iomláin, bhí na hAilgéaraigh ar dtús báire i bhfabhar an tsíocháin, ag díriú i gcomhair an neamhspleáchas iomláin, agus scoilt an Fhrainc dá bharr chúrsaí san "Ailgéir Francach" (l'Algérie Française), caomhnú an rialtas, agus ghlacadh le idirbheartaíocht agus stádas idir Rialtas Dúchais nó iomlánú i Poblacht na Fraince.
Thaispeáin géarchéim Suez 1956 lagú na Fraince sa domhan idirnáisiúnta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus a chuir tús le díchoilíniú. Tosaíodh an ghéarchéim seo toisc gur cheap rialtas na Fraince go raibh Nasser ag tabhairt a dhóthain chabhair don FLN agus bhí siad lán réidh len é a stopadh. Bhí fadhbanna éagobhsaíocht ag rialtas na Fraince, agus díscaoileadh an Ceathrú Poblacht nuair a d'fhill Charles de Gaulle ar an gcumhacht i mBealtaine 1958 chun Cúigiú Poblacht na Fraince a bhunú ina bhfuair sé níos mó cumhachtaí mar Uachtarán. Cheap arm na Fraince go mbeadh De Gaulle in ann an Ailgéir a choimeád sa Chomhphobal Francach, ina raibh Coilíneachtaí eile na Fraince. Ach díog ar ndíog, bhí De Gaulle ag claonadh don neamhspleáchas don Ailgéir.