CLG Mungairit
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Mungret | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1929 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Idirmheánach | ||||||||||||||||
Iomáint: | Idirmheánach | ||||||||||||||||
Dathanna: | Dearg is bán | ||||||||||||||||
Páirc: | Móintín, Mungairit, Luimneach | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Mungairit. Tá sé bunaithe i bparóistí Mungairit agus Naomh Pól i mbruachbhailte Tuar an Dúill agus An Ráithín ar thaobh thiar Cathair Luimnigh. Imrítear peil agus iomáint ach tá an pheil níos láidre sa chlub le deich mbliain anuas.
Cé go raibh club Mungairit bunaithe i cuid thuaidh paróiste Mhungairid sa bhliain 1894, thit sé as a chéile le linn an Chéad Chogaidh Domhanda. Atheagraíodh é sa bhliain 1929 nuair a chláraigh sé le Coiste an Chontae. Tá club eile, Craobh Chumhra, ann i gcuid theas paróiste Mungairit a bhunaíodh don chéad uair sa bhliain 1885 agus a ath-eagraíodh ar roinnt ócáid on am sin i leith. D'imir an dá chlub le chéile mar Mungairit/Craobh Chumhra idir na blianta 1961 agus 1968.
Ba chlub sóisear é Mungairit suas go dtí gur bhuadar Craobh Iomána Idirmheánach Luimnigh sa bhliain 1975. D'fhan an mbéim ar an iomáint go dtí gur bhuadar Craobh Peile Idirmheánach Luimnigh sa bhliain 1997 agus sroicheadar cluiche cheannais Peil Sinsear Luimnigh sa bhliain 2001. Ach thiteadar síos go dti an grád idirmheánach sa bhliain 2004 agus arís sa bhliain 2007.
D'imir Mungarirt ar thailte Chomhairle Chontae Luimnigh i sráidbhaile Mungairit go dtí gur osclaíodh a bpáirc féin i Móintín sa bhliain 2002.
I measc imreoiri cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann Luimnigh chomh maith, tá na h-iománaithe Liam Ó Donnchú (Liam O'Donoghue a bhuaigh bonn Craobh na hÉireann sa bhliain 1973), agus Brian Ó Beaglaíoch (Brian Begley).