Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
- Chun eolas a fháil faoin chomórtas is déanaí, féach ar Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006.
Príomhchomórtas iomána in Éirinn é Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann (Béarla: All-Ireland Senior Hurling Championship). Comórtas bliantúil atá ann, a eagraíonn an Cumann Lúthchleas Gael. Imrítear na cluichí le linn an tsamhraidh, agus bíonn Cluiche Ceannais Iomána Sinsearach na hÉireann i gcónaí i mí Meán Fómhair, ar an gcéad nó an dara Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath. An duais atá i gceist ná an Corn Liam Mac Carthaigh. Is é Guinness an t-urraitheoir faoi láthair.
Meastar go bhfuil an iománaíocht i measc na spórt is tapa agus is tréitheach ar domhan. Tá na sárchumhachtaí sa spórt seo lonnaithe don chuid is mó i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan, mar shampla Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobrad Árann. Tá 84 bua ag na contaetha seo le chéile sa chomórtas. Faoi láthair, is iad Cill Chainnigh agus Corcaigh na foirne is rathúla, le 30 bua. Chomh maith leis sin, is é Corcaigh an t-aon chontae a bhuaigh an duais ceithre bhliain as a chéile (sna 1940í).
Clár ábhair |
[athraigh] Forbhreathnú
Nuair a bunaíodh an CLG ar 1 Samhain 1884, aontaíodh go raibh gá le comórtas náisiúnta nua a chruthú sna cluichí Gaelacha, chun dul chun cinn a dhéanamh leis na cluichí dúchasacha, peil Ghaelach agus iománaíocht ach go háirithe. Ag an tríú chruinniú a bhí acu sa bhliain 1885, chum siad rialacha nua don spórt sean-aimseartha iománaíocht, agus foilsíodh iad sna nuachtáin ar fud na tíre. Sa bhliain 1886, bunaíodh na boird chontae le bheith i gceannas ar na cluichí sna contaetha éagsúla. Imríodh an chéad Chraobh Iomána sa bhliain 1887. Ní raibh ach cúig fhoireann páirteach ann, ach ba choschéim í sa tslí cheart don eagraíocht nua.
Nuair a thosaigh Chraobh Iomána na hÉireann ar dtús, b'iad na clubanna a bhuaigh comórtas an chontae a d'imigh ar aghaidh chun imirt i gcoinne a chéile sna babhtaí idir-chontae. Mar shampla, d'imir Dúrlas Éile as Tiobrad Árann i gcoinne Meelick as Gaillimh sa chéad chomórtas sa bhliain 1887. Bunaíodh na foirne contae sa bhliain 1895, nuair a bhailigh Corcaigh na hiománaithe is fearr le chéile ó na clubanna sa chontae. Tar éis tamall, cuireadh tús leis an gcraobh cúigeach i gCúige Mumhan, Cúige Laighean, Cúige Connacht agus Cúige Uladh. Díbirt dhíreach a bhí ann. D'imir na buaiteoirí ó na cúigí i gcoinne a chéile, sna cluichí leath-cheannais. Mhair an córas seo suas go dtí na 1990í, nuair a bhain an CLG triail as an "gcóras chúl-dhoras" sa chraobh i 1997.
[athraigh] Buaiteoirí
Foireann | Buaiteoir | Bua is déanaí | Dara áit | Caillteanas is deánaí | |
---|---|---|---|---|---|
1 | Cill Chainnigh | 30 | 2007 | 24 | 2004 |
2 | Corcaigh | 30 | 2005 | 18 | 2006 |
3 | Tiobrad Árann | 25 | 2001 | 10 | 1997 |
4 | Luimneach | 7 | 1973 | 8 | 2007 |
5 | Loch Garman | 6 | 1996 | 11 | 1977 |
Átha Cliath | 6 | 1938 | 14 | 1961 | |
7 | Uíbh Fhailí | 4 | 1998 | 3 | 2000 |
Gaillimh | 4 | 1988 | 17 | 2005 | |
9 | An Chláir | 3 | 1997 | 4 | 2002 |
10 | Port Láirge | 2 | 1959 | 3 | 1963 |
11 | Laois | 1 | 1915 | 2 | 1949 |
Londain | 1 | 1901 | 3 | 1903 | |
Ciarraí | 1 | 1891 |
[athraigh] Scórálaithe is fearra
Is é seo an suíomh mar a bhí sé ar 4 Meán Fómhair, 2006.
# | Imreoir | Foireann | Cúl is cúlíní | Cluichí |
---|---|---|---|---|
1 | Éadbhard Ó Cathaoir | Cill Chainnigh | 36-307 (415pt) | 50 |
2 | Anraí Ó Sibhleáin* | Cill Chainnigh | 19-297 (354pt) | 40 |
3 | Criostóir Uí Rinn | Corcaigh | 33-208 (307pt) | 64 |
4 | D. S. Ó Ciara | Cill Chainnigh | 34-195 (297pt) | 57 |
5 | Nioclás Mac Riocaird | Loch Garman | 59-96 (273pt) | 36 |
6 | Eoin Ó Ceallaigh* | Tiobrad Árann | 11-224 (257pt) | 33 |
7 | Pól Ó Floinn* | Port Láirge | 24-180 (252pt) | 41 |
8 | Searlas Mac Carthaigh | Corcaigh | 28-153 (237pt) | 45 |
9 | Séamus Ó Dúghaill | Tiobrad Árann | 18-176 (230pt) | 39 |
10 | Seosamh Ó Déin* | Corcaigh | 2-209 (215pt) | 40 |
11 | Séamas Langtún | Cill Chainnigh | 16-159 (207pt) | 27 |
- (*) Ag imirt fós.
[athraigh] Naisc sheachtracha
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann |
||
1887 1888 1889 1890 1891 1892 1893 1894 1895 1896 1897 1998 1899 1900 1901 1902 1903 1904 1905 1906 1907 1908 1909 1910 1911 1912 1913 1914 1915 1916 1917 1918 1919 1920 1921 1922 1923 1924 1925 1926 1927 1928 1929 1930 1931 1932 1933 1934 1935 1936 1937 1938 1939 1940 1941 1942 1943 1944 1945 1946 1947 1948 1949 1950 1951 1952 1953 1954 1955 1956 1957 1958 1959 1960 1961 1962 1963 1964 1965 1966 1967 1968 1969 1970 1971 1972 1973 1974 1975 1976 1977 1978 1979 1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998 1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 |
||
Craobh Chonnacht - Craobh Laighean - Craobh Mhumhain - Craobh Uladh |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.