D. S. Ó Ciara
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eolas pearsanta | ||
Spórt | Iomáint, Liathróid láimhe | |
Ainm Béarla | D. J. Carey | |
Dáta breithe | 11 Samhain, 1970 | |
Dáta báis | ||
Áit breithe | Gabhrán, Contae Chill Chainnigh | |
Airde | 5' 11" | |
Leasainm | Dodger | |
Eolas club | ||
Club | Éire Óg | |
Suíomh | Tosaí | |
Club(anna) | ||
Club | Bliain | Cluichí (pointí) |
Éire Óg | 1980í - 2005 | |
Idir-chontae | ||
Contae | Cill Chainnigh | |
Suíomh | Tosaí | |
Torthaí | ||
Contae | Bliain | Cluichí (pointí) |
Cill Chainnigh | 1988 - 2005 | 57 (34/195) |
Duaiseanna | ||
Craobh Cúige Laighean | 9 | |
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann | 5 | |
Sárimreoirí | 9 |
Iar-iománaí Éireannach é Donncha Seosamh "D.J." Ó Ciara (Béarla: Denis Joseph "D.J." Carey), a rugadh ar 11 Samhain, 1970. Is as Gabhrán, Contae Chill Chainnigh é Ó Ciara, agus meastar gurb é an t-imreoir is fearr sa ghlúin seo, nó in aon ghlúin eile. Bhuaigh Ó Ciara cúig Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann le Cill Chainnigh, agus é ina chaptaen chomh maith. Tá naoi gradam Sárimreoirí na Bliana aige freisin, níos mó ná éinne eile. Tosaí an-tréitheach agus cliste ab ea é Ó Ciara, agus bhí páirt lárnach aige san rath a bhí ag an bhfoireann sa tréimhse sin.
D'éirigh Ó Ciara as an iománaíocht i mí Meitheamh sa bhlain 2006. Rinneadh uachtarán Cumann na nImreoirí Gaelacha de.
Clár ábhair |
[athraigh] Tús a shaoil
Rugadh Donncha Seosamh Ó Ciara i nGabhrán, baile beag i lár an chontae ar an príomh-bhóthar idir Baile Átha Cliath agus Port Láirge. Clann mór ab ea iad, agus bhí trúir dheartháireacha agus dheirfiúracha aige. Ní raibh DJ an chéad imreoir sa chlann. D'imir a dheirfiúr Caitríona haca san fhoireann náisiúnta na hÉireann, agus b'iománaí é a dheartháir Máirtín, a roghnaíodh don scuaid Chill Chainnigh ar feadh cúpla bliana. Tógadh DJ leis an iománaíocht ina fhuil in aon chor - bhí a uncail Máirtín ag imirt leis an bhfoireann áitiúil i nGabhrán Éire Óg, bhuaigh a aintín Peigí ceithre craobh na hÉireann sa chamógaíocht, agus ba dhuine muinteartha é Pádraig Ó Faoláin freisin, iománaí iontach sna 1930í.
Bhí ré órga ag na gCait (mar a dtugtar ar an bhfhoireann iománaíocht an chontae) sna 1970í, agus d'fhoglaim DJ an cluiche agus é ag féachaint ar na laochanna móra ón dtréimhse sin, mar shampla Éadbhard Ó Cathaoir, Nollaig Ó Sceacháin agus Liam Mac Giolla Phádraig. D'imir DJ le roinnt iománaithe maithe eile sa cheantar, mar shampla Pádraig Ó Néill agus Séarlaí Mac Artúir, agus d'imir siad le chéile san fhoireann Chill Chainnigh níos déanaí. D'fhreastal DJ ar Choláiste Naomh Chiaráin, scoil le clú bainte amach mar naíolann do peileadóirí óige. Taobh amuigh den iománaíocht, chaith DJ am ag imirt peil Ghaelach, sacar agus liathróid láimhe.
[athraigh] Cill Chainnigh
Tar éis na blianta ag imirt le Choláiste Naomh Chiaráin, bhuaigh DJ áit san fhoireann Chill Chainnigh, sna scuaideanna mionúra agus faoi-21 ar dtús. Bhris sé isteach san fhoireann sinsearach, agus ghlac sé páirt ina chéad cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann sa bhlian 1991, in éadan an fhoireann láidir Tiobraid Árann ón dtréimhse seo. Chaill na Cait an cluiche seo, ach bhuaigh DJ a chéad bonn an bliain ina dhiaidh i gcoinne Corcaigh. Lean an rath ar aghaidh sa bhlain 1993, nuair a bhuaigh na Cait arís in aghaidh Gaillimh. Bhí comórtas iontach ag DJ an bhliain seo, le 2-4 i gcoinne Uíbh Fháilí agus 1-5 sa chluiche i gcoinne Loch Garman. Bhí cáil DJ ag fás go tapaidh, agus athnaíodh a chumás ar fud na tíre. Mar thoradh, bhuaigh DJ duaiseanna Sárimreoirí na Bliana i 1992 agus 1993, agus roghnaíodh é ina Imreoir Iománaíocht na Bliana i 1993.
Níor shroich Cill Chainnigh an cluiche ceannais arís go dtí 1998. Bhain DJ geit as an bpobal spoírt in Éirinn nuair a d'fhógair sé a scor i mí Aibreán. Dúirt DJ gurb é an brú trom a chuireadh air an chús a bhí aige chun an socraíocht seo a dhéanamh. Fuair DJ a lán tacaíocht ón bpobal, agus d'aontaigh sé filleadh ar ais sé seachtain níos déanaí, nuair a fuair sé níos mó ná 25,000 litir ag iarraidh air teacht ar ais.
Ní raibh an t-ádh ag na gCait sna blianta 1998 agus 1999, agus bhí rath acu arís sa bhlian 2000. D'imir DJ chomh maith is a d'imir sé riamh, ag scóráil cúil agus cúilíní ar fud na háite. Toghadh é ina 'man-of-the-match' sa chluiche ceannais, agus bhuaigh sé a 8ú Sárimreoir agus duais eile Imreoir Iománaíocht na Bliana. Fágadh DJ amach ón bhFoireann na Míle Bliain, rud a chur iontas ar a lán daoine.
Gortaíodh DJ i dtimpiste gluaisteáin ag deireadh 2001, agus níor fhéidir leis imirt sa chomórtas. Ach tháinig DJ agus na Cait ar ais sa bhlian ina dhiaidh nuair a bhuaigh siad an chomórtas arís. Fuair DJ a 9ú duais Sárimreoir, an uimhir céanna a bhí ag a laoch Éadbhard Ó Cathaoir. Bhuaigh na Cait arís i 2002 agus 2003, agus ghlac DJ an Corn Liam Mac Carthaigh, agus é ina chaptaen an bhliain seo i gcoinne Corcaigh.
[athraigh] Honóracha
Comórtas | Uimhir | Blianta |
---|---|---|
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann | 5 | 1992, 1993, 2000, 2002, 2003 |
Craobh Iomána Sinsearach an Laighean | 9 | 1991, 1992, 1993, 1998, 1999, 2000, 2001, 2003, 2005 |
Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta | 4 | 1990, 1995, 2003, 2005 |
Craobh Iomána U-21 na hÉireann | 1 | 1990 |
Craobh Iomána Mionúr na hÉireann | 1 | 1988 |
Craobh Iomána Chill Chainnigh | 2 | 1996, 2000 |
Sárimreoirí na Bliana | 9 | 1991, 1992, 1993, 1994, 1995, 1997, 1999, 2000, 2002 |
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.