CLG Craobh Chumhra
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Crecora | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1968 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Sóisear B | ||||||||||||||||
Iomáint: | Sóisear A | ||||||||||||||||
Dathanna: | Uaine is ór | ||||||||||||||||
Páirc: | Sceach an Átha, Craobh Chumhra, Co. Luimnigh | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Craobh Chumhra . Tá sé bunaithe i leath-pharóistí Craobh Chumhra, an chuid theas de pharóiste Mungairit, 10km siar ó dheas ó lár Chathair Luimnigh. Tagann an-chuid dá imreoirí as Mainistir, paróiste ar thaobh theas Craobh Chumhra ná fuil aon club CL:G ann. Imrítear peil agus iomáint ach bhí an béim i gcónaí ar an iomáint sa chlub.
Cé gur bhnaíodh club iomána i gCraobh Chumhra sa bhliain 1885, dúnadh agus ath-eagraíodh é ar roinnt ócáid on am sin i leith. D'imir Craobh Chumhra in éineacht le Mungairit mar Mungairit/Craobh Chumhra idir na blianta 1961 agus 1968. Nuair a scrios an club sin, bunaíodh an club Craobh Chumhra atá sa lá inniu ann.
Ba chlub beag sóisear é Craobh Chumhra go dtí an blian 2001 nuair a bhuadar Craobh Iomána Sóisear B Chontae Luimnigh. Sa bhlian 2007, shroicheadar cluiche leath-cheannais Iomána Sóisear A an chontae.
Nuair a ath-bhunaíodh Craobh Chumhra, d’imríodar ar thaile a bhí ar chíos acu ó fheirmeoir na h-áite ach, nuair a fuair sé bás, ní raibh aon páirc imeartha ar feadh roinnt blianta. Sa bhliain 1988, cheannaíodar páirc i Sceach an Átha, lámh le sráidbhaile Craobh Chumhra ach atá suite i bparóiste Mainistir, agus osclaíodh í sa bhliain 1991.
Ba é Pádraig Mac Aodha (Patsy Keyes) an chéad imreor as Craobh Chumhra a d’imir do chontae nuair a roghnaíodh é ar fhoireann peile Luimneach sa bhliain 1995.