See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Chuck Berry - Vicipéid

Chuck Berry

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chuck Berry
Chuck Berry

Is ceoltóir Meiriceánach é Charles Edward Anderson "Chuck" Berry (rugadh é ar an 18 Deireadh Fómhair, 1926). Giotáraí, amhránaí agus cumadóir atá ann, agus ceannródaí an rac-cheoil. Rugadh Berry i St. Louis, Mhissouri, agus ba eisean ceann den céad duine a insealbhaíodh sa Rock and Roll Hall of Fame nuair a osclaíodh é sa bhliain 1986.

[athraigh] Saol

Rugadh Chuck Berry i gcathair St. Louis i 1926, an tríú duine de sheisear clainne. Tógadh é i gceantar sa chathair darbh ainm the Ville, ceann den bheagán cheantar sin ina bhféadfadh daoine gorma tithe a cheannach. Déagánach ab ea a athair in eaglais Bhaisteach sa cheanter, agus múinteoir ab ea a mháthair. Bhí suim ag Berry sa ceol óna óige ar aghaidh, agus sheinn go poiblí den chéad uair agus é sa mheánscoil fós. I 1944, ghoid Berry agus cúpla cara carr, agus thiomáin siad go dtí Kansas City. Mar phíonós, fuair Berry deich mbliana i scoil ceartúcháin, ach tháinig sé amach tar éis trí bliana.

Thosaigh Berry ag seinm na 'ngormacha' agus é ina dhéagóir, agus sa bhliain 1953 thosaigh sé ag seinm le Sir John's Trio, banna beag i Saint Louis. I 1955, chuaigh Berry go Siceágó Chicago, agus bhuail sé leis an gceoltóir Muddy Waters. Mhol Waters dul ag caint le Chess Records. Shínigh Berry conradh ceoil leo, agus sheol sé amach a chéad singil, darbh ainm Maybellene, i mí Meán Fómhair. Shroich an t-amhrán uimhir a cúig i gcairteanna Mheiriceá. Bhí rath air arís i Meitheamh 1956 leis an amhrán Roll Over Beethoven. I 1957, chuaigh Berry amach ar thuras leis na Everly Brothers, Buddy Holly agus cuid de na rac-cheoltóirí nua eile.

Bhí Berry i dtrioblóid arís i mí Nollag 1959, nuair a thug sé post do chailín óg i Berry's Club Bandstand, an club oíche a bhíodh aige i St. Louis. Ní raibh an cailín ach ceithre bhliain déag d'aois, agus cuireadh Berry agus an cailín i bpríosún. D'fhan Berry faoi ghlas ar feadh cúig bliana. Nuair a tháinig sé amach i 1963, bhí a cheol i bhfaisean arís, mar bhí bannaí ar nós The Beatles agus The Rolling Stones ag seinm a chuid amhrán fós.

D'oscail Berry bialann nua i Missouri darbh ainm The Southern Air, agus eastát nua darbh ainm Berry Park. D'eagraigh sé ceolchoirmeacha éagsúla san ionad ar feadh na mblianta. Tá Berry ag seinm fós, i Meiriceá agus thar lear.

[athraigh] A thionchar

Ceannródaí rac-cheoil ab ea Berry, agus bhí an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil sin. Is laoch é Berry mar ghiotáraí, agus deireann a lán giotáraithe éagsúla go raibh tionchar mór ag Berry orthu. Tacaithe móra ab ea Keith Richards as The Rolling Stones agus John Lennon as The Beatles. Is dócha go raibh tionchar díreach ag Berry ar Elvis Presley freisin, agus úsáideann Angus Young as AC/DC "siúl-lacha" cáiliúl Berry fós.

Tá an díospóireacht ar siúl i gcónaí faoin gcéad cheirnin rac-cheoil a rinne sé, ach tugtar an chraobh de ghnáth do "Maybellene", a rinne Berry i 1955.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -