Carón
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é Carón an ceann is mó den trí shatailít nádúrtha atá ag Plútón. Is féidir dearcadh ar Charón mar ghealach, ach le fírinne, bheadh sé níos cruinne a rá gur córas dhá abhacphláinéad iad Carón agus Plútón, agus iad ag timpeallú mheáchanlár (nó baralár) an chórais. Tá an lárphointe sin suite in aice le Plútón, taobh amuigh de. Ar mhaithe leis an gcomparáid, is fíor nach bhfuil an Ghealach s'againn féin ag timpeallú an Domhain ach oiread, ach meáchanlár ár gcórais-ne, ach tá an meáchanlár sin suite glan taobh istigh den Domhan. Tá Plútón agus Carón ag dul timpeall an mheáchanláir go sioncrónach, is é sin, tá glas imtharraingteach acu ar a chéile, agus iad ag drannadh na haghaidhe céanna le chéile an t-am ar fad.
Fionnadh Carón sa bhliain 1978, agus fuair an t-ainm faomhadh oifigiúil Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta sa bhliain 1985. Tá Carón 1207 gciliméadar ar trastomhas, agus é ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, le Dione (gealach de chuid Shatarn).
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.