Barack Obama
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Barack Obama | |
|
|
In oifig 3 Eanáir 2000-inniu |
|
Réamhtheachtaí: | Peter Fitzgerald |
|
|
Dáta breithe | 4 Lúnasa, 1961 |
Honolulu, Haváí, SAM | |
Páirtí | Páirtí Daonlathach |
Céile | Michelle Obama |
Is Seanadóir na Stát Aontaithe ó Illinois é Barack Obama (ar 4 Lúnasa, 1961 a rugadh é) agus tá sé ag freastal a chéad téarma sa Seanad tár éis a bheith tofa isteach sa 3ú rang i mí Eanáir 2005. Is é an t-aon duine gorm sa Seanad faoi láthair agus ach amháin an cúigiú duine gorm a shuigh Seanad i stair Na Stáit Aontaithe. Is ball den Páirtí Daonlathach é.
Is iarrthóir é i gcomhair ainmniúchán an Pháirtí Daonlathaigh a fháil don toghchán uachtaránachta i Samhain 2008. Tá Obama tár éis treise a chur ar deireadh leis an gcogadh in Iaráic, bunú seirbhís sláinte chomhchoitianta agus aontú agus deireadh le polarú polataíoch an náisiún le linn a fheachtas mar iarrthóir.
Is mór an béim a chuireann Obama ar "athrú" agus "dóchas" le linn an feachtas, agus deireann sé go mbeidh sé in ann an scoilt idir stáiteanna dearg (Coimeádach) agus gorm (Liobrálach) a réiteach.
Ar 3 Eanáir 2008 bhuaigh Obama an chéad vótáil stáit chun an iarrthóir Daonlathach a roghnú in Iowa, le 38% den vóta, 8% níos mó ná John Edwards agus Hillary Clinton sa dara agus triú háit. Thug an bua móiminteam dó, ag spreagadh coitiantas agus suim ina chuid feachtas, a chaill sé faoi chúpla phointí sa chéad vótáil eile ar 8 Eanair i New Hampshire. Bhuaigh Clinton Nevada agus Obama Carolina Theas tár éis seo. Faoí láthair tá Obama chun tosaigh le timpeall 100 toscairí roimh comhdháil an Pairtí Daonlathach i mí Lúnasa, agus timpeall leath-mhilliún votaí coitianta chun tosaigh.
Tá dhá leabhair mór-ráchairte scríofa aige, "Brionglóidí m'Athair", faoina óige, agus "Dánacht an Dóchas", faoina smaointí féin ó thaobh an pholataíocht sna Stáit Aontaithe. Phós sé i 1992 agus tá beirt iníon aige.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Comhaltaí reatha de Sheanad na Stát Aontaithe | ||||
---|---|---|---|---|
AL: Shelby , Sessions |
HI: Inouye, Akaka |
MA: Kennedy, Kerry |
NM: Domenici, Bingaman |
SD: Johnson, Thune |
Poblachtach | Daonlathach | Duine gan pháirtí |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.