Sócraitéas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba Fhealsúnaí Gréagach é Sócraitéas (as Gréigis Σωκράτης Sōkrátēs) (470 - 399 RCh) ón Aithin. Is é ceann de na daoine is tábhachtaí i dtraidisiún na fealsúnachta san Iarthar. Is é a mhodh fealsúnach an rud is tábhachtaí a d'fhág sé dúinn.
Ba shofaist é Sócraitéas. Thuil na sofaistí cáil ar chlisteacht a gcuid argóintí. Bhí siad in ann a lucht éisteachta a mhealladh lena gcuid cainte.
Má scríobh Sócraitéas focal ar bith, níor mhair sé ina dhiaidh. Tagann ár gcuid eolais ar Shocraitéas ó fhoinsí eile ar nós Platón.
Daoradh é chun deoch na muinge mire a ól agus chun lámh a chur ina bhás féin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.