Loch Peipus
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Loch Peipus (Gaeilge) Peipsi-Pihkva järv (Eastóinis) Чудско-Псковское озеро (Rúisis) |
|
---|---|
Láthair: | An Eastóin, An Rúis |
Foinsí uisce: | Emajõgi, Velikaya |
Príomhaibhneacha sceite: | Narva |
Dobharcheantar: | 47,800 km² |
Tíortha imchuach: | An Eastóin, An Rúis, An Laitvia, An Bhealarúis |
Achar dromchla: | 3,555 km² |
Meándoimhneacht: | 7.1 m |
Pointe is doimhne: | 15.3 m |
Toirt uisce: | 25 km³ |
Fad chósta: | 520 km |
Airde dromchla: | 30 m |
Oileáin: | Piirissaar, Kolpin, Kamenka |
Lonnaíochta: | Mustvee, Kallaste |
Is loch mór fionnuisce é Loch Peipus (Eastóinis: Peipsi-Pihkva järv, Rúisis: Чудско-Псковское озеро, Gearmáinis: Peipussee) suite ar an teorainn idir an Eastóin agus an Rúis i dtuaisceart na hEorpa.
Is é an cúigiú loch is mó in Eoraip tar éis na lochanna Ladoga agus Onega thuas ó Chathair Pheadair sa Rúis, Vänern sa tSualainn, agus Saimaa san Fhionlainn.
Tá a lán oileán suite ar an loch agus is féidir trí pháirt a roinneadh as:
- Loch Peipsi (Eastóinis: Peipsi järv, Rúisis: Чудское озеро) sa tuaisceart. Achar: 2670 km²
- Loch Pskov (Eastóinis: Pihkva järv, Rúisis: Псковское озеро) sa deisceart. Achar: 710 km²
- Loch Te (Eastóinis: Lämmijärv, Rúisis: Тёплое озеро) is ainm don sruth idir an dá loch. Achar 170 km²