Antoine Lavoisier
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Antoine-Laurent de Lavoisier (26 Lúnasa, 1743 – 8 Bealtaine, 1794), athair na ceimice nua-aimsire, ba d'uasal aicme na Fraince é agus bhain sé clú amach ní amháin sa cheimic ach i gcúrsaí airgeadais, i mbitheolaíocht agus i gcúrsaí eacnamaíochta chomh maith.
Ba é an chéad duine a chur chun chinn Dlí Imchoimeád na Maise (.i. ní loitear ná ní chruthaítear mais in aithruithe fisiceacha nó ceimiceacha). D'aithin sé agus d'ainmnigh sé ocsaigin (1778) agus hidrigin (1783). Díchruthaigh sé teoiric an fhlógastóin. Thionscain sé an córas méadrach, scríobh sé síos an chéad liosta fairsing dúl agus d'athleasaigh sé ainmníocht cheimiceach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.