William Harvey
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lia ab ea é William Harvey ( rugadh 1 Aibreán, 1578 i Kent, Sasana agus fuair sé bás 3 Meitheamh, 1657 i Hampstead, Sasana) a rinne cur síos ar cuisle agus slí ritheamh na fola.
[athraigh] Saol
Bhí a athar ina siopadóir. Oiliú i dtús i gCanterbury é agus rinne sé staidéar ar na teangacha clasaiceacha, Sa bhliain 1597 cháiliú é le céim BA ó ollscoil Cambridge. I ndiaidh sin bhain sé amach céim sa leigheas in ollscoil Padua san Iodáil, ceann de na hollscoil leighis ba chlúití san am sin.
D’fhill sé ar Sasana, áit ar thosaigh sé ag cleachtadh leighis agus phós se Elizabeth Brown, iníon an bpríomhlia ag bainríon Éilis a haon. Rinneadh ball de Choláiste Ríoga na Léithe é, sa bhliain 1607 agus an blian dar gcionn ghlaodh chuig cúirt an Rí Séamus a haon é agus tar éis bás Shéamuis i 1625 ainmniú é mar phríomhlia do Rí Searlais a haon. Bhí dlúthchairdeas eatarthu agus thug an Rí urraíocht ollmhór dó is é ag déanamh a chuid thaighde. D’fhoilsí sé alt dar teideal Exercitatio Anatomica de Motu Cordis et Sanguinis in Animalibus ( Staidéar ar preabadh an croí is bogadh na fola) ar a ghlaoítear sa bhfoirm gearr De Motu Cordis sa bhliain 1628. Bhí clú air ar fud na h’Eorpa tar éis an foilsiúchán seo ach bhí conspóid ann freiseann agus dfhreagair duine de thacathóirí Galen go diúltach é i bhfoilsiúchán sa bhliain 1649. Ní raibh dearca Harvey cruthaithe go dtí go dtáinig an microscóip solais ar an saol.
Bhi roinnt eile fionnachtain aige, an ceann ba fhiúntaí ná go raibh sé den thuairim gur fhás chuile chuid den cholainn as bunchill préamhach, coincheap a bhí comhthíoch faoin am sin agus nár cruthaoídh faoi dheireadh go dtí 1796.
Ceann de na buanna ba mhó a bhí ag Harvey ná gur thuig sé go soiléir an idirdheighilt idir tuairimí agus an fhírinne. B’eiseann ceann de na céad léithe a chur bonn eolaíochta faoi leigheas agus cinnte b’eiseann an céad lia a bhain usáid as teoraimi matamataice sa bhitheolaoícht.
Fuair se bás de bharr stróc in aois seachtó naoi bliana dó.