See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Umberto Eco - Vicipéid

Umberto Eco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Scríbhneoir agus scoláire. Rugadh Umberto Eco i mbaile beag darbh ainm Allesandria i Piedmont na hIodáile ar an 5 Eanáir 1932, i gceantar a bhí go mór faoi thionchar na Fraince. Le linn an Dara Cogadh Domhanda thug a mháthair go sráidbhaile sna sléibhte é le éalú ón chogaíocht. Theastaigh óna athair, cuntasóir, go mbeadh sé ina dhlíodóir, agus cuireadh go hollscoil Torino é, ach d'éirigh sé as an dlí. Rinne sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar litríocht na meánaoiseanna, agus ghnóthaigh sé céim dochtúra le tráchtas faoi Thomas Aquinas i 1954.

Umberto Eco - 2005
Umberto Eco - 2005

Chaith Eco tamall ag obair le stáisiún raidió/teilifíse Radiotelevisione Italiana, agus é ina léachtóir in Ollscoil Torino ag an am céanna. Foilsíodh a chéad leabhar, Il Problema Estetico di San Tommaso, a bhí bunaithe ar a thráchtas, i 1956. B'éigean dó éirí a chuid oibre mar eagarthóir teilifíse mar gheall ar ualach a chuid oibre mar léachtóir, ach níorbh fhada go raibh sé ina eagarthóir neamhficsin i gcomhlacht foilsitheoireachta Casa Editrice Bopani i Milano, post a bhí aige ó 1959 go 1975. Faoi láthair tá sé ina ollamh le séimeolaíocht in Ollscoil Bhologna.

D'fhoilsigh sé an-chuid aistí faoi litríocht na meánaoiseanna, go háirithe teoiric agus cleachtadh na litríochta. Chuir sé an-bhéim ar thábhacht an léitheora don saothar scríofa.

Ach tá cáil dhomhanda Eco bunaithe ar a chuid úrscéalta, go háirithe Il Nome della Rosa (1983), (Ainm an Róis) a raibh an-ráchairt air ar fud an domhain, go háirithe nuair a rinne scannán Béarla de faoin ainm The Name of the Rose, leis an aisteoir clúiteach Seán Connery i bpáirt manaigh a bhí ag fiosrú dúnmharaithe i mainistir.

Bronnadh gradaim gan áireamh ar Eco in ollscoileanna ar fud an domhain.

[athraigh] Leabharliosta

  • Il nome della rosa, 1980.
  • Il pendolo de Foucault, 1988
  • L'isola del giorna prima, 1994
  • Baudolino, 2000
  • La misteriosa fiamma della regina Loana, 2004
  • Il problema estetico in San Tommaso, 1956
  • Sviluppo dell'estetica medievale, 1985
  • Opera Aperta, 1962
  • Diario minimo, 1963
  • Apocalittici e integrati, 1964

[athraigh] Nascanna seachtracha


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -