See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Tliongánaigh - Vicipéid

Tliongánaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is iad na Tliongánaigh (Béarla: Klingons, Tliongáinis: tlhIngan) an cine coimhthíoch is tábhachtaí in ollchruinne shamhailteach an Star Trek. Sa chéad sraith (Star Trek: The Original Series), bhí siad ag cur cogaidh ar Chónaidhm Aontaithe na bPláinéad, ach ina dhiaidh sin, d'éirigh siad cairdiúil leis an gCónaidhm de réir a chéile.

B'é an scriptscríbhneoir Gene Coon a chéadcheap na Tliongánaigh, agus tháinig siad ar an scáileán an chéad uair san eipeasóid Errand of Mercy den chéad sraith de Star Trek. hAinmníodh iad as an Leifteanant Wilbur Clingan, a bhí sna póilíní i Los Angeles in éineacht le Gene Roddenberry.

Clár ábhair

[athraigh] Bitheolaíocht na dTliongánach

[athraigh] Cosúlacht agus Colainn

Tá cuma dhaonchosúil ar na Tliongánaigh, ach san am céanna, bíonn siad níos gairbhe ina ndéanamh ná na daoine. Bíonn folt mór dubh gruaige orthu, agus féasóg dhruidte ar na fir. Thar aon rud eile, is ar iomairí an chlár éadain a aithnítear iad. Tá siad níos mó ná na daoine, agus iad in ann bisiú i ndiaidh gortú tromchúiseach a fhulaingt sa troid, ós rud é go bhfuil níos mó ná ceann amháin acu de na horgáin inmheánacha tábhachtacha.

[athraigh] Athrú Cosúlachta

Nuair a tháinig na Tliongánaigh ar stáitse an Star Trek an chéad uair, níor thug Gene Coon de chur síos orthu ina chuid nótaí do lucht gléasta an stáitse ná gur chóir dóibh bheith ag breathnú cosúil le daoine ó Oirthear na hÁise, ar nós Ho Chi Minh. Ní bhfuair na Tliongánaigh an chuma atá orthu inniu roimh léiriú an chéad scannán, nó níor cheadaigh buiséad íseal na sraithe teilifíse aisling bhunaidh Roddenberry a chur i gcrích.

[athraigh] Cultúr

Nuair a léiríodh an chéad phríomhscannán a bhí suite in ollchruinne an Star Trek, rinneadh forbairt chuimsitheach ar na Tliongánaigh ó thaobh an chultúir de freisin, agus hardaíodh a bpróifíl mar shibhialtacht ar leith go mór mór. Le haghaidh an scannáin a céadcheapadh teanga na dTliongánach freisin, is é sin, an Tliongáinis nó tlhIngan Hol, mar a deirtear sa teanga féin. B'é James Doohan, an t-aisteoir a bhí ag déanamh pháirt an innealtóra Scotty, a chum an chéad chúpla focal le haghaidh an scannáin seo, ach ina dhiaidh sin, d'iompaigh an teangeolaí Marc Okrand an Tliongáinis ina teanga inlabhartha agus infhoghlamtha.

Sa chéad sraith teilifíse, ba tagairt don Aontas Sóivéadach iad na Tliongánaigh, agus mar sin, ní raibh mórán cultúir dá gcuid féin acu, diomaite den impiriúlachas agus den fhonn gabháltais. An cultúr a sceitseáladh dóibh ina dhiaidh sin, tá sé bunaithe ar an onóir i machaire an áir, agus an chuma air gur aithris é ar na samúraithe sa tSeapáin, mar a shamhlaítear go coitianta san Iarthar iad, agus ar na hUigingigh Lochlannacha.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -