Teileachumarsáid
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is teileachumarsáid ann ná an chaoi a n-aistríonn comharthaí thar achar ar mhaithe le cumarsáid. Oibríonn an t-Idirlíon thar an gcóras teileachumarsáide poiblí - an córas a iompraíonn glaonna fóin chomh maith le sonraí ríomhaireachta don Idirlíon. Tá cuid den chóras teileachumarsáide analógach agus tá cuid eile digiteach. Úsáidtear an téarma "an míle deiridh" don chuid sin den chóras atá analógach. Déanann sé seo tagairt don chuid sin den chóras a cheanglaíonn go díreach leis na custaiméirí (ón malartán go dtí an teach/oifig). Bíonn an chuid lárnach den chóras teileachumarsáide digiteach – an chuid a iompraíonn na mílte glaonna agus líon ollmhór sonraí.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.