Tagálaigis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tagálaigis (Tagalog) | |
---|---|
Á labhairt: | Oileáin Fhilipíneacha |
Réigiún: | Luzon |
Cainteoirí san Iomlán: | 22 mhilliún sna hOileáin Fhilipíneacha (≈75 mhilliún ar fud an domhain) |
Rang: | 40 |
Líne ghinealaigh: | Ostrainéisis Malaea-Polainéisis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Oileáin Fhilipíneacha |
Rialaithe ag: | |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | tl |
ISO 639-2 | tgl |
ISO/DIS 639-3 | tgl |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Tagálaigis an teanga is tábhachtaí sna hOileáin Fhilipíneacha, agus is ceann de na teangacha Astrainéiseacha í. Baineann sí leis an bhfoghrúpa ar a dtugtar na teangacha Malae-Pholainéiseacha, leis an bhfobhrainse lárnach de na teangacha Filipíneacha. Tá sí ó dhúchas ag 22 mhilliún duine, ach ós rud é go bhfoghlaimíonn cainteoirí na dteangacha Filipíneacha eile ar scoil í, is féidir a mhaíomh gur fánach duine ina chónaí sna hOileáin Fhilipíneacha nach mbeadh an cupla focal aige, ar a laghad.
Fuair an teanga a hainm ó na focail a chiallaíonn "muintir na habhainne" nó "na daoine a bhfuil cónaí orthu cois na habhainne" sa teanga féin. Tá cónaí ar na Tagálagaigh, a labhraíonn canúintí Tagálaigise ó dhúchas, i lár agus i ndeisceart Oileán Luzon agus sna hoileáin bheaga máguaird. Is gnách "Katagalugan" - tír na Tagálaigise, nó tír na dTagalagach - a thabhairt ar an gceantar seo ar fad.
Deir bunreacht na nOileán Filipíneach gurb iad an Béarla agus an teanga "Filipino" na teangacha oifigiúla sa tír. Tá sé ina ábhar conspóide céard is "Filipino" ann, mar theanga. Go praiticiúil, is ionann í agus an Tagálaigis, ós rud é gurb í an Tagálaigis chaighdeánaithe a mhúintear sna scoileanna mar "Filipino". Glactar leis go coitianta gurb ionann an teanga Filipino agus an Tagálaigis mar a labhraíonn muintir na príomhchathrach í - beag beann ar cé acu cainteoirí dúchais iad nó nach ea. Bíonn an leagan seo den Tagálaigis breac le hiasachtaí Béarla agus le focail a tháinig isteach ó theangacha eile na nOileán, ach ní drochrud é dar le go leor Filipínigh, ó dhéanann an fhorbairt seo an Tagálaigis níos intuigthe ag na cainteoirí neamhdhúchais.
Is í an aibítir Laidineach is mó a úsáidtear leis an Tagálaigis a scríobh ar na saolta seo. Bhí córas scríbhneoireachta dá gcuid féin ag lucht labhartha na Tagálaigise tráth, áfach, aibítir ar a dtugtar Babayin. Bhí an aibítir seo in úsáid go deireadh na naoú haoise déag, in éineacht leis an aibítir Laidineach.
B'í an chéad leabhar a scríobhadh sa teanga ná Doctrina Cristiana, nó an Teagasc Críostaí, sa bhliain 1593. Bhí an téacs le léamh as Spáinnis agus sa dá aibítir as Tagálaigis, idir Babayin agus an aibítir Laidineach.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.