See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Seán Ó Mathúna - Vicipéid

Seán Ó Mathúna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Seán Ó Mathúna
Seán Ó Mathúna

Ba náisiúnaí Éireannach as Chontae Chorcaí é Seán Ó Mathúna (1816 - 1877) nó John O'Mahony as Béarla, a bhí i measc na daoine a bhunaigh Bráithreachas na Poblachta. Ball de Chumann na nÉireannach Aontaithe ab ea iad a athair agus a uncail, a bhí páirteach in Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798.

Rinne Ó Mathúna staidéar ar Sanscrait, Eabhrais agus Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, cé go raibh cosc ar Chaitlicigh i bhfeidhm ag an am.

Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag obair i gcoinne an aontais leis an Bhreatain, faoi cheannas Dhónaill Uí Chonaill. Thosaigh sé ag éirí tuirseach leis, áfach, mar gheall ar an easpa dul chun cinn a bhí ann. Mar thoradh, chuaigh sé isteach sna hÉireannaigh Óga agus bhí ról aige san éirí amach mí-rathúil a bhí acu sa bhliain 1848. D'fhág sé an tír ansin, agus chaith sé tamall san Fhrainc sular bhog sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1854.

I Meiriceá, chuir seisean agus cúpla duine eile tús le Bráithreachas na bhFíníní, craobh Meiriceánach do Bhráithreachas na Poblachta. Ba dhuine iomráiteach é leis na Gael-Mheiriceánaigh, agus dá bharr sin rinneadh coirnéal de sa 69ú Reisimint Airm an Aontais a throid i gCogadh Cathartha SAM. Bhí sé gníomhach freisin sna ruathair a rinne na Fíníní ar Cheanada sa bhliain 1866, agus Éirí Amach na bhFíníní ar ais in Éirinn sa bhliain 1867.

Cailleadh Ó Mathúna sa bhliain 1877. Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -