Roy Keane
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Roy Keane | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 10 Lúnasa, 1971 | |
Áit breithe | Corcaigh, Éire | |
Leasainm | Keano | |
Club reatha | ||
Club | Sunderland A.F.C. | |
Suíomh | Bainisteoir | |
Ionaid mar imreoir | ||
1989–1990 1990–1993 1993–2005 2005–2006 1991–2005 |
Cobh Ramblers Nottingham Forest Manchester United Celtic Poblacht na hÉireann |
|
Ionaid mar bainisteoir | ||
2006–inniu | Sunderland | |
Is iar-imreoir agus bainisteoir sacair é Roy Maurice Keane (Roy Muirís Ó Catháin), a rugadh ar an 10 Lúnasa 1971 i gCorcaigh, Poblacht na hÉireann. D'imir sé le Manchester United ón bhliain 1993 go dtí 2005 i bPremier League Shasana, agus d'imir sé freisin leis an bhfoireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Chríochnaigh sé le bliain amháin ag imirt le Ceiltigh Ghlaschú in Albain. Chaith 'The Red Devils' £3.75m ar Roy, an méid is mó riamh ag an am. Bhí achrann idir é féin agus a bhainisteoir i Manchester United, Alex Ferguson, tar éis agallamh teilifíse a thug Keane do stáisiún an chlub, nár cuireadh amach riamh, agus d'fhág sé an club chun dul ag imirt le Celtic, an club a thacaigh sé mar bhuachaill óg. D'éirigh sé as imirt ar an 12 Meitheamh 2006. Tá Keane ina bhainisteoir ar an bhfoireann sacair Sunderland A.F.C.
[athraigh] Corn an Domhain 2002
D'imir Roy i gCorn an Domhain 1994 agus bhí sé sa bhfoireann Éireannach arís i gcomhair Chorn an Domhain 2002. Bhí sé ina chaptaen an am seo, ach bhí achrann cáiliúl idir é féin agus an bainisteoir Mick McCarthy i Saipan, agus níor ghlac Roy aon pháirt sa chomórtas. Tá an dráma I, Keano bunaithe ar an méid a tharla i Saipan.
[athraigh] Clubanna
- Mar imreoir
- 1989-1990 : Cobh Ramblers
- 1990-1993 : Nottingham Forest
- 1993-2005 : Manchester United
- 2005-2006 : Glasgow Celtic
- Mar bhainisteoir
- 2006-i láthair : Sunderland