Rostov na Donu
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá Rostov na Donu (Rúisis: Росто́в-на-Дону), nó Rostov cois Abhainn Don, ar ceann de na cathracha is mó i nDeisceart na Rúise agus í ina príomhchathair ar Chúige Rostov (Rostovskaya Oblast) chomh maith le Limistéar Feidearálach na Rúise Theas. Tá Rostov na Donu suite cois abhainn Don, mar is léir ón ainm, agus í faoi 46 chiliméadar d'Fharraige Azov. Tá timpeall is milliún duine ina gcónaí san áit.
Fuair an áit a hainm ó Rostov ("Rostov Velikiy" nó "Rostov Yaroslavskiy"), cathair stairiúil atá suite san "Fháinne Órga", soir ó thuaidh ó Mhoscó. Cé go dtugtar Rostov Velikiy ("Rostov Mór") ar an áit sin, tá sí i bhfad níos lú ná Rostov na Donu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.