Nuala Ní Dhomhnaill
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is file í Nuala Ní Dhomhnaill. Rugadh i Sasana sa bhliain 1952 í agus d'fhás sí suas i Luimneach, in Aonach agus i nGaeltacht Corca Dhuibhne. D'fhreastal sí ar mheánscoil Cnoc na Labhras i gCathair Luimnigh agus chuaigh sí ar bhun staidéir Gaeilge agus Béarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá roinnt cnuasaigh filíochta trí Ghaeilge scríofa aici. Ina measc, tá Cead Aighnis ina bhfuil dánta iontacha faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha. Samhlaíocht agus béaloideas agus na sean-amhráin a bhíonn ag Nuala mar thobar dá cuid saothair.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.