Liverpool Football Club
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ainm lán | Liverpool Football Club | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Leasainm | The Reds | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Bunaithe | 1892 | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Staid | Anfield, Learpholl, Sasana | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Acmhainn | 45,400 | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Cathaoirleach | Tom Hicks agus George Gillett |
||||||||||||||||||||||||||||||||
Bainisteoir | Rafael Benítez | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Sraith | FA Premier League | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Geansaí | Reebok | ||||||||||||||||||||||||||||||||
Urraitheoirí geansaí | Carlsberg | ||||||||||||||||||||||||||||||||
2005-06 | Príomhsraith, 3ú | ||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Club sacair Sasanach is ea an Liverpool Football Club (Club Sacair Learphoill as Gaeilge) atá suite i Learpholl.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair Chlub Sacair Learphoill
Bhunaigh fear dárbh ainm John Houlding Club Sacar Learphoill sa mbliain 1892. Bhí an t-uasal Houlding mar thiarna talún ar pháirc peile Anfield agus is ann a bhíodh Club Sacar Everton ag imirt a gcluichí baile go dtí sin. Ach tar éis aighneas a bheith ag an uasal Houlding le Club Sacar Everton, d’fhág an club a n-áit thraenála agus chuaigh siad ag imirt trasna an bhóthair i bPáirc Goodison.
Nuair a d’fhag club sacar Everton Anfield, bhunaigh Houlding Club Sacar Learphóil chun a n-áit a thógáil in Anfield.
Is sa staid seo i lár Learphoill go bhfuil an club fós lonnaithe agus ag imirt i bpríomh roinn shacar Shasana.
Chuir an t-uasal Houlding go-leor oibre agus airgead isteach i mbunú an chlub. Tar éis a mbunú, níor thóg sé i bhfad ar an gclub a marc a fhágáil – bhuaigh siad chúig shraith shacar Shasana idir 1900 agus 1947. Ach i 1954 cuireadh siar an club go Roinn 2. Ach idir an bheirt bhainisteoirí cailiúla ón Albain, Bill Shankly agus Bob Paisley, á mbainistiú ó 1959 go 1983, chuir siad an club ar ais ar an bhfód.
Ba bhainisteoir inspioráideach é Bill Shankly agus rinne sé cinnte gur tháinig an club ar ais aníos sa bpríomhroinn i 1961. Tá clú agus cáil fós ar an meoin agus ar an bhfealsúnacht a bhí ag Shankly. Ina dhiadh sin agus ó shin amach bhuaigh siad corn i ndiaidh coirn, ina measc 5 chorn na hEorpa. Tá ocht gcorn déag shraith shacar Shasana buaite ag an gclub – corriarracht go dtí an lá atá inniú ann agus tá muintir Learphóil an-bhróidiúil gur ag a gclub baile atá an corriarracht seo.
Ach bhuail dhá thubaiste tragóideach an club sna hochtóidí – tragóid Heysel i mí Bealtaine 1985 agus tragóid Hillsborough i mí Aibreán 1989.
Bhí na 1990’s an-chiúin don gclub agus tháinig roinnt athraithe ar an structúr agus tháinig bainisteoirí nua isteach. Níor bhuaigh an club ach dhá chorn sna 1990’s – corn FA Shasana i 1992 agus Corn na Sraithe i 1995.
Ach nuair a thóg an Francach Gerard Houllier ceannasacht mar bhainisteoir tháinig feabhas agus forbairt ar an imirt athuair agus thug sé spreagadh agus misneach dos na himreoirí agus lucht tacaíochta an chlub. Sa mbliain 2001, bhuaigh foireann Houllier chúig chorn agus bhí na “glory days” ar ais in Anfield agus i Learphóil.
Le corriarracht 18 sraith Shasana agus chúig Corn Sacar na hEorpa buaite ag an gclub bíonn Club Sacar Learphóil i gcónaí san iomaíocht le haghaidh coirn agus duaiseanna.
Bhí dlúth bhaint ag na Ceiltigh – Éireannaigh, Albannaigh agus imreoirí an Bhreatain Bhig leis an gclub i gconaí. Tá cliú agus cáil ar an seastán atá taobh thiar de cheann de na cúil in Anfield – An Kop – atá ainmnithe i ndiaidh chnoic san Aifric ina raibh an cogadh Boer ann i 1914.
Níor bhuaigh Learphóil Sraith Sacar Shasana ó séasúr 1989-90 agus síleann lucht tacaíochta an chlub go bhfuil sé in am ag an mbainisteoir agus na himreoirí é seo a chur ina ceart.
I mí Bealtaine 2005, bhuaigh Learphóil Corn na hEorpa don chúigiú uair. Ciallaíonn sé seo go gcoinníonn siad an Corn agus tá sé le feiceáil inniu in iarsmalann an chlub.
Tá croí, anam agus spiorad sa gclub seo agus is minic a chloistear mana an chlub You’ll never walk alone á chasadh le creideamh agus dúthracht atá deacair le sarú.
[athraigh] Imreoirí don séasúr 2007/08
|
|
[athraigh] Foireann bainistíochta don séasúr 2007/08
Rafael Benitez - Bainisteoir
Pako Ayesteran - Leasbhainisteoir
Alex Miller - Traenáilí an chéad fhoireann
Gary Ablett - Traenáilí an fhoireann ionadaí
Xavi Valero - Traenáilí an chúl báire
Hughie McAuley - Traenáilí an fhoireann ionadaí
[athraigh] Liosta Choirn buaite ag Club Sacair Learphóil:
- 1901: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: T. Watson)
- 1906: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: T. Watson)
- 1922: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: D. Ashworth)
- 1923: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: M. McQueen)
- 1947: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: G. Kay)
- 1964: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Shankly)
- 1965: Corn FA (bainisteoir: B. Shankly)
- 1966: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Shankly)
- 1973: Corn UEFA , Craobhchomórtas Sraithe Peile(bainisteoir: B. Shankly)
- 1974: Corn FA (bainisteoir: B. Shankly)
- 1976: Corn UEFA, Football League Championship (bainisteoir: B. Paisley)
- 1977: Corn Eorpa UEFA, Football League Championship (bainisteoir: B. Paisley)
- 1978: Corn Eorpa UEFA (bainisteoir: B. Paisley)
- 1979: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
- 1980: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
- 1981: Corn Eorpa UEFA, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
- 1982: Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
- 1983: Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: B. Paisley)
- 1984: Corn Eorpa UEFA, Craobhchomórtas Sraithe Peile, Corn Sraithe Peile (bainisteoir: J. Fagan)
- 1986: Craobhchomórtas Sraithe Peile, FA Cup (bainisteoir: K. Dalglish)
- 1988: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: K. Dalglish)
- 1989: Corn FA (bainisteoir: K. Dalglish)
- 1990: Craobhchomórtas Sraithe Peile (bainisteoir: K. Dalglish)
- 1992: Corn FA (bainisteoir: Souness)
- 1995: Corn Sraithe Peile(bainisteoir: R. Evans)
- 2001: Corn UEFA ,Corn FA , Corn Sraithe Peile (bainisteoir: G. Houllier)
- 2003: Corn Sraithe Peile (bainisteoir: G. Houllier)
- 2005: Craobhchomórtas Sraithe UEFA (bainisteoir: R. Benitez)
- 2006: Corn FA (bainisteoir: R. Benitez)
Foinsí: Suíomh oifigiúl Chlub Sacar Learphóil
[athraigh] Statisticí ó Chluichí de chuid an Chlub
- 'Sé Sraith Lancashire an chéad cluiche comórtais inar ghlac Learpholl páirt i gcoinne Higher Walton. Bhuaigh siad an cluiche 8-0. Ní raibh imreoir Sasanach ar bith ag imirt leo.
- Corn FA céad iarracht: Meán Fómhair 1892 4-0 v Nantwich
- Sraith céad iarracht: 2-0 v Middlesbrough Ironopolis F.C. ar an 2 Meán Fómhair 1893 (Roinn 2)
- Céad Urraim: Seampíní Roinn 2 i séasúr 1893/94
- Chaill Learpholl i gcoinne Blackburn Rovers F.C. 1-0 ar 5 Meán Fómhair 1896. Níor ceadaíodh sé chúl le linn an chluiche.
- Nollaig 1909 Newcastle United chun tosaigh 5-2 ag Anfield, ach sharaigh fir na léinte dearga iad ag an deireadh leis an mbua 6-5.
- I 1910 bhuaigh Learpholl an chéad chluich ag Old Trafford leis an scór 4-3 i gcoinne Manchester United.
- Buille is mó: 0-8 v Huddersfield i 1935 and 1-9 Birmingham City F.C. ar an 11 Nollaig 1954 i Roinn 2 sa Sraith Peile.
- Is ag Roger Hunt atá an líon is mó cúil d'aon séasúr amháin - d'aimsigh sé 41 chúl i séasúr 1961/62.
- Céad Cluiche Eorpach: Lúnasa 17 1964 d'imir siad i gcoinne KR Reykjavik, An Ioslainn, do Chorn na hEorpa, agus bhí an bua acu 5-0 as baile.
- Níor úsáideadh ach 14 imreoir de chuid na céad foirne sa séasúr 1965/66, nuair a d'éirigh le Learpholl an Sraith a bhuachaint.
- Bua is mó: 11-0 v Strømsgodset I.F. ar an 17 Meán Fómhair 1974.
- Is ag Ian Rush atá an churiarracht don mhéid is mó cúil sna comórtais uilig in aon séasúr amháin i gClub Sacair Learphoill - d'aimsigh sé 47 chúil i séasúr 1983/84.
- Bua sraithe is mó: 9-0 v Crystal Palace F.C. ar an 12 Meán Fómhair 1989.
- Níor eirí ach le ceathrar 5 chúl a scóráil in aon chluiche amháin. 'Siad sin:
- Andy McGuigan, 1901/02
- John Evans, 1954/55
- Ian Rush, 1983/84
- Robbie Fowler, 1993/94
- Líon is mó Hat tricks le linn a chuid imeartha: Gordon Hodgson 17 (1926-36)
- Hat tricks - trí i ndiaidh a chéile: Jack Balmer 1946-7 (na t-aon cinn a fuair sé)
- Hat trick is sciopthaí sa bPríomhroinn: Robbie Fowler vs Arsenal F.C. 1994-5, 4 nóiméid, 32 seicond
- D'aimsigh Xabi Alonsoan cúl is faide do Learpholl, 65 slat ón chúl
Tuilleadh Eolas Liverpool F.C. - Statistics
[athraigh] Pointí Spéisiúla
[athraigh] 1978:
- Bua ag an mBreatain Bhig sa Grand Slam sa Rugbaí
- Cailleadh an Pápa (Beannacht Dé lena anam)
- Chaill Learpholl i gCraobh Corn na Sraithe i gcoinne na Seampíní iarmartacha [Forest]
- Ghnóthaigh Learpholl Corn na hEorpa
[athraigh] 1981
- Phós Prince Charles .
- Phós Ken agus Deidre i Corrie.
- Tháinig Doctor Who nua ar an aer.
- Ghnóthaigh Learpholl Corn na hEorpa
[athraigh] 2005
- Bua ag an mBreatain Bhig sa Grand Slam sa Rugbaí
- Cailleadh an Pápa (Beannacht Dé lena anam)
- Chaill Learpholl i gCraobh Corn na Sraithe i gcoinne na Seampíní iarmartacha [Chelsea]
- Phós Prince Charles .
- Phós Ken agus Deidre i Corrie.
- Ghnóthaigh Learpholl Corn na hEorpa
- Chaith Learpholl léinte dearga ‘chuile uair ar éirí leo Corn na hEorpa a bhaint amach i gcoinne foirne a chaith léinte bána!
Foinse eolais:uk.sport.football.clubs.liverpool
[athraigh] Imreoirí Cáiliúla
1892 to 1959:
1960 go 1990
|
|
|
1990 go dtí an lae inniu
|
|
Foinse eolais: Wikipedia Liverpool Football Club (English)
[athraigh] Taispeántas sa Phríomh Roinn Shasanach (Premiership)
Séasúr | Pointí Bainte Amach | Áit |
---|---|---|
2004/05 |
|
5ú |
2003/04 |
|
4ú |
2002/03 |
|
5ú |
2001/02 |
|
2ra |
2000/01 |
|
3ú |
1999/2000 |
|
4ú |
1998/99 |
|
7ú |
1997/98 |
|
3ú |
1996/97 |
|
4ú |
1995/96 |
|
3ú |
1994/95 |
|
4ú |
1993/94 |
|
8ú |
1992/93 |
|
6ú |
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Suíomh Oifigiúl an Chlub - nuacht ón gClub agus é ag tarlú!! (as Béarla)
- Suíomh le heolas maidir leis an gClub - nuacht ón gClub (as Béarla)