Kevin Doyle
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kevin Doyle | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 18 Meán Fómhair, 1983 | |
Áit breithe | Maigh Arnaí, Contae Loch Garman | |
Club reatha | ||
Club | Reading F.C. | |
Suíomh | 9 | |
Ionaid mar imreoir | ||
2002–2003 2003–2005 2005–inniu 2006-inniu |
St Patrick's Athletic F.C. Cork City F.C. Reading F.C. Poblacht na hÉireann |
|
Is imreoir sacair Éireannach é Kevin Edward Doyle (a rugadh ar an 18 Meán Fómhair 1983) as Contae Loch Garman, atá ag imirt faoi láthair ina thosaí le Reading F.C. sa Phríomhroinn i Sasana.
Clár ábhair |
[athraigh] Gairmréim (Clubanna)
[athraigh] League of Ireland
Thosaigh Doyle ag imirt le St. Patrick's Athletic i Meán Fómhair 2001. Ar dtús, d'imir sé leis an bhfoireann faoi-18 ach go tapaidh d'imir sé san fhoireann sinsearach. Sa bhliain 2003 bhog Kevin go dtí Cork City F.C., áit ina d'imir sé ar feadh tamall i lár na páirce. D'aimsigh sé 25 cúl nuair a athraíodh ar ais mar thosaí é.
[athraigh] Championship
Cheannaigh an fhoireann Sasanach Reading F.C. Kevin i gcomhair €117,000 i 2005 roimh an tséasúir 2005-06. Thaispéan sé a sheans nuair a bhí imreoirí eile gortaithe agus fuair sé áit san fhoireann. D'imir sé páirt tábhachtach san fhoireann agus bhuaigh siad an Championship. Phioc sé suas bonn eircom league freisin nuair a bhuaigh Cork City an léig.
[athraigh] Príomhroinn Shasana
Sa tséasúr 2006-07, bhí Kevin agus Reading ag imirt sa Phríomhroinn. Scóráil sé 16 cúl agus ag deireadh an tséasúir bhí sé ainmithe i gcomhair PFA Young Player of the Year. Chríochnaigh Reading sa 9ú áit.
[athraigh] Gáirmréim (idirnáisiúnta)
Tá caipíní ag Kevin i gcomhair an foireann Éireannach faoi 21 agus i gcomhair an foireann seanóir. Bhí a chéad cluiche ar feadh an foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann i gcoinne an tSualainn i Márta 2006. I Meán Fómhair 2006 thosaigh sé an cluich i gcoinne an Ghearmáin. Bhí a chéad cúl i gcomhair Poblacht na hÉireann i gcoinne San Maríne agus tá trí cinn aige anois.