Horatio Kitchener
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Rugadh Horatio Kitchener sa bhlian 1850 i Baile Longphoirt (Ballylongford), i gContae Chiarraí, mac Lt. Col. Henry Horatio Kitchener (1805-1894) agus Frances Anne Chevallier-Cole. Chlann Sasanach ab ea iad a cheannagih talún in Éireann tamaill beag roimhe sin.
Bhí Kitchener i dtuaisceart tSúdáin sa bhliain 1884 nuair a chuir airm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí an saighdiúir Sasanach, Charles Gordan, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Bhí ar Kitchener scéala a coiméad oscailte le Chartúm go dtí go scroiseadh airm Briotánach go dtí an cathair chun deireadh a chuir leis an léigear. Níor éirigh leo an cathair a scroiseadh in am, áfach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le arm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mahdí go raibh sé marbh.
Blianta ina dhiaidh sin cuireadh Kitchener i gceannais airm Briotánach / Éigipteach a rinneadh ionsaí ar an tSúdáin. D'éirigh leis deireadh a cuir le rialtais an Mahdía i gCath Omdurman ar an dara lá de Mheán Fómhair, 1898. Bhí sé ina gobharnóir don tSúdáin go dtí mí na Nollaig 1899 nuair a chuaigh sé go dtí An Aifreac Theas. Déanach Francis Reginald Wingate gobharnóir ina h-áit.