Hangul
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an Hangul (Cóiréis: 한글, hangeul nó hangǔl) aibítir dhúchasach na Cóiréise, agus í in iomaíocht leis an gcóras neamh-aibítreach, Hanja, a fuarthas ar iasacht ón tSín. Tá an córas Hangul bunaithe ar fhuaimniú na teanga, ach ní thugann sé aird ar chomhshamhlú na gconsan, a bhíonn coitianta sa Chóiréis labhartha. Is é an Hangul an t-aon chóras scríbhneoireachta a úsáidtear sa Chóiré Thuaidh, ach tá an dá chineál scríbhneoireachta le feiceáil sa Chóiré Theas i gcónaí.