CLG Sáirséiligh na Mainistreach
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Abbey Sarsfields | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1994 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Sóisear B | ||||||||||||||||
Iomáint: | Sóisear B | ||||||||||||||||
Dathanna: | Uaine is dearg | ||||||||||||||||
Páirc: | Coláiste Mhainchín, Corrbhaile, Luimneach | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Sáirséiligh na Mainistreach . Imrítear peil agus iomáint
Tá sé bunaithe i bparóistí Naomh Nioclás agus Naomh Mhuire ar an dtaobh thoir-thuaidh de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhruachbhaile Corrbhaile agus ó Oileán an Rí. Tá an cuid de pharóiste Naomh Nioclás ar bhruach thuaidh na Sionainne suite i gContae an Chláir agus imríonn iománaithe agus peileadóirí na mbruachbhailte Bruach na Sionainne agus Baile Thiar le CLG An Páirtín.
Bhíodh clubanna ann ó am go chéile i bparóiste Naomh Mhuire ó bhunú Cumann Lúthchleas Gael ach thit an cheann deireannach, CLG Naomh Mhuire a bhí gníomhach ó bhlianta thosaigh na 1970í, as a chéile sa bhliain 1988. Bhí club eile, CLG Corrbhaile, gníomhach i gcomórtaisí na n-óg le linn blianta na 1970í. Nuair a d’éirigh an dá chlub as an imirt, théadh formhór imreoirí na h-áite chuig Naomh Pádraig nó chuig Clochán.
Bunaíodh Sáirséiligh na Mainistreach sa bhliain 1994 ach, ós rud é ná raibh páirc imirthe dá gcuid féin riamh acu, tháinig an fás go mall chucu agus táid ag imirt sa ghrád sóisear B san dá sport óna mbunú. Bhí béim an chlub ar dtús ar an iomáint agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear B Cathair Luimnigh sa bhliain 1997 ach níor éirigh leo aon chraobh eile a bhaint amach i gcomórtaisí fásta ó shin i leith. I láthair na h-uaire, tá an club níos láidre sa pheil ná san iomáint.
Ba cheann de bhunaitheoirí an chlub é Séamus Ó Néill (Seamus O’Neill) a d’imir ar fhoireann peile an chontae le linn blianta na 1980í.