CLG Naomh Pádraig (Luimneach)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Saint Patrick’s | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1886 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Idirmheánach | ||||||||||||||||
Iomáint: | Sóisear A | ||||||||||||||||
Dathanna: | Uaine is bán | ||||||||||||||||
Páirc: | Siúl an Iascaire, An Réabóg, Luimneach | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Pádraig . Tá sé bunaithe i bparóiste Naomh Pádraig ar an dtaobh thoir de Chathair Luimnigh. Tagann na h-imreoirí den chuid is mó as Páirc, Garraí Eoin, Saingil, An Réabóg agus Bóthar Bhaile Átha Cliath. . Imrítear peil agus iomáint agus bhí an béim céanna ar an dá sport i gcónaí sa chlub.
Is é Naomh Pádraig an club CLG is sine i gCathair Luimnigh. Bunaíodh sa bhliain 1886 é agus tá sé ag imirt an dá sport gan stad ón am sin i leith.
Ba chlub an-láidir é Naomh Pádraig le linn blianta tosaigh an CLG agus bhuadar Craobh Peile Sinsear Contae Luimnigh sna blianta 1890 agus 1891. D’éirigh leo arís sna blianta 1943, 1944 agus 1954. Tháinig Corn Iomána Sinsear an Chontae go dti An Réabóg sna blianta 1949 agus 1950. Ach thit iománaithe agus peileadóirí an chlub síos go dti grád sóisear le linn blianta na 1980í. Bhuaigh Naomh Pádraig Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 2005.
Tá an club ag imirt i bPáirc Phádraig sa Réabóg le blianta fada agus osclaíodh a ath-fhorbairt sa bhliain 1997.
I measc imreoiri cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann Luimnigh chomh maith, tá na h-iománaithe Pádraig Ó Coinín (Paddy Cunneen) agus Seán Mac Donnchadha (John Mc Donagh).