CLG Gaeil Baile na Cora
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béarla: | Ballinacurra Gaels | ||||||||||||||||
Bunaithe: | 1979 | ||||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||||
Peil: | Sóisear B | ||||||||||||||||
Iomáint: | – | ||||||||||||||||
Dathanna: | Dubh is ór | ||||||||||||||||
Páirc: | Eastáit Bhagóid, Gáirdíní Baile na Cora, Luimneach | ||||||||||||||||
|
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Gaeil Baile na Cora . Imrítear ach peil sa chlub agus tá sé nascaithe le Sean-Chríostaithe i gcomhair iomáint
Tá sé bunaithe i bparóiste Bantiarna Lourdes ar an dtaobh theas de Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó na ceantair Baile na Cora, Baile Shinéid agus Ráth Bán.
Bunaíodh Gaeil Baile na Cora le linn blianta na 1930í ach thit sé as a chéile i ndiaidh tuairim is fiche bliain. Le linn blianta na 1960í, bunaíodh óg-chlubanna sa cheantar ar a dtugadh CLG Naomh Breandán agus CLG Ruairí Mhic Easmuin ach níor mhaireadar ach ar feadh cúpla bliana. Ath-bhunaíodh an club atá sa lá inniu ann sa bhliain 1979. Nuair ná raibh aon club dá chuid féin acu, d’imir formhór peileadóirí ha h-áite le CLG Na Trádalaithe (ná fuil ann a thuilleadh), Sean-Chríostaithe agus Mungairit.
Cé gur éirigh leo craobhacha na cathrach agus an chontae a ghabháil i ngrádanna na n-óg, sé Craobh Peile Sóisear B na Cathrach an t-aon chomórtas fásta a bhuigh Gaeil Baile na Cora óna bhunaíodh. D’imríodar peil sa ghrád Sóiser A suas go dti an bhliain 2004.
Tá páirc imeartha an chlub ar Eastáit Bhagóid i nGáirdíní Baile na Cora ar chíos ó Chomhairle na Cathrach óna bhunú.
D’imir iar-iománaí an chontae Gearóid Ó hÉigeartaigh (Ger Hegarty) ar fhoireann peile Gaeil Baile na Cora.