Cúigí na Spáinne
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iad cúigí na Spáinne na caoga réigiún ina bhfuil an tír roinnte, tar éis di a bheith roinnte ar dtús ina gComhphobail Fhéinrialaitheacha agus roimh di a bheith roinnte ina gcontaetha.
Níl na cúigí chomh tábhactach a thuilleadh toisc go bhfuil cuid mhaith de dualgaisí riaracháin a bhíodh orthu bainte agus curtha ar na comhphobail féinrialaitheacha anois. Úsáidtear iad fós i gcomhthéacs dúichí toghchán, seoltaí poist, uimhreacha gutháin áitiúla, agus le haghaidh tagartha tír eolaíocha.
De gnáth ainmnítear na cúigí i ndiaidh príomhbhailte an cheantair. Is iad Araba/Álava, Asturias, Bizkaia/Vizcaya, Cantabria, Gipuzkoa/Gipúzcoa, Illes Balears/Islas Baleares, La Rioja agus Nafarroa/Navarra na heisceachtaí. Níl ach dhá chathair a bhfuil mar phríomhchathair ar Chomhphobal nach bhfuil mar phríomhchathair ar an gcúige: Mérida in Extremadura agus Santiago de Compostela san Ghailís.
Níl ach cúige amháin ag an seacht gComhphobal seo a leanas: Asturias, Na hOileáin Bailéaracha, Cantabria, La Rioja, Maidrid, Murcia agus Navarra.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
- Maps of the provinces of Spain Léarscáileanna de chúigí na Spáinne
- Liosta de bhardais na Spáinne de réir cúige ón Spáinnis INE (Institiúid Staidrimh na Spáinne) (es)