Cóbalt
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cóbalt | |
Siombail Cheimiceach | Co |
Uimhir Adamhach | 27 |
Meáchan Adamhach | 58.933195(5) g·mol |
Grúpa, Peiriad | 9, 4, d |
Dlús | 8.90 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Miotail trasdultacha |
Is dúil cheimiceach é an cóbalt. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 58.933195(5) g·mol−1. Is é an uimhir adamhach atá ag an gcóbalt ná 27, agus is é Co an tsiombail a sheasann dó. Níl ach aon iseatóp amháin cobhsaí ag an gcóbalt, is é sin, 59Co. Is féidir iseatóip radaighníomhacha a tháirgeadh go saorga, agus is é 60Co an ceann is cobhsaí acu, nó is í an leathré atá aige ná 5.2714 bliain. Tagann béite-mheath radaighníomhach ar 60Co, agus é ag claochlú go 60Ni, ar ceann d'iseatóip chobhsaí na nicile.
Miotal airgeadgheal nó liath é an cóbalt, agus fearómaighnéadas ann. Ní féidir teacht ar an gcóbalt sa dúlra i bhfoirm na dúile aonraithe, ach bíonn comhdhúile an chóbailt réasúnta coitianta. Is minic a fhaightear in éineacht nó in aice leis an nicil é. Tá cóbalt riachtanach san orgánach daonna féin, nó is cuid de vitimín B-12 é.
Is iad +2 agus +3 na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí, ach tá +1 ann chomh maith. Tá an iliomad comhdhúile ag an gcóbalt, agus úsáid á baint astu le freastal ar a lán riachtanaisí éagsúla. Mar shampla, is éard atá sa ghorm cóbaltach (cineál dath gorm) ná comhócsáid an chóbailt (uimhir ocsaídiúcháin +2) agus an alúmanaim, CoAl2O4.
Úsáidtear an cóbalt i gcóimhiotail. Thairis sin, úsáidtear iseatóip radaighníomhacha an chóbailt mar rianairí sa mhíochaine.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.