Astana
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is í Astana (Casaicis: Астана) príomhchathair na Casacstáine. Cathair nua is ea í, nó ní dhearnadh príomhchathair di ach sa bhliain 1997. B'í Almaty, cathair mhór atá suite in oir-thuaisceart na tíre, a bhí ina príomhchathair ar an tír go nuige sin.
[athraigh] Ainm
Aqmola a bhí ar an áit sular haistríodh feidhmeanna na príomhchathrach ansin, ainm a chiallaíonn "An Tuama Bán" i dteanga oifigiúil na Casacstáine, an Chasaicis. Ainmneacha eile a bhí ar Astana sna laethanta a bhí is ea iad Akmolinsk (leagan d'Aqmola atá curtha in oiriúint do nósanna logainmníochta na Rúisise) agus Tselinograd. Tá an dara hainm bunaithe ar an bhfocal Rúisise úd tselina, a chiallaíonn "branar", "talamh nua-threafa", "talamh atá á thabhairt chun míntíreachais". Níl san ainm "Astana", arís, ach focal Casaicise a chiallaíonn "príomhchathair", agus tugadh an t-ainm seo ar an áit toisc go bhfuil sé furasta le fuaimniú ag na strainséirí féin.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.