An Spidéal
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Spidéal | |
---|---|
Learscáil | |
Daonra ( ) - Baile: - Tuath: |
247 - (2006) 1,110- (2006) |
Airde: | 1 m |
Contae: | Contae na Gaillimhe |
Cúige: | Connachta |
Is baile é An Spidéal (Spiddal nó Spiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.
Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.
Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.