An Saighdeoir
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an Saighdeoir |
|
---|---|
gliogáil le híomhá níos mó a fheiceáil |
|
Ainm Laidine | Sagittarius |
Ginideach Laidine | Sagittarii |
Nod | Sgr |
Siombalaíocht | an Boghdóir |
Dronairde | 19 h |
Diallas | −25° |
Achar | 867 céim cearnach Rangú: 15ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) |
5 |
Réalta is gile | Kaus Australis (ε Sgr) (méid 1.9) |
Dreigecheathanna | |
Réaltbhuíonta ar theorainn leis |
|
Infheicthe sna leithid idir +55° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa |
|
Is réaltbhuíon an stoidiaca é an Saighdeoir (♐), a léirítear go coitianta mar cheinteár agus bogha á rí aige. Sagittarius an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn boghdóir. Tá an Saighdeoir suite idir an Scairp, atá ar an taobh thiar de, agus an Gabhar, atá ar an taobh thoir de. Déanann na réaltaí is gile dá chuid pictiúr so-aitheanta de thaephota.
Tugadh ainm an tSaighdeora fosta ar réaltra a aimsíodh le gairid, Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora, atá lonnaithe díreach taobh amuigh de Chóras Bhealach na Bó Finne.
Is so-aitheanta an réaltbhuíon seo mar gheall ar an astaireacht dá ngairtear an Taephota. Déanann na réaltaí Kaus Media (δ), Kaus Australis (ε), Ascella (ζ) agus φ Sgr an phríomhchuid den phota; is í Kaus Borealis (λ) an pointe ar bharr an chlaibín; is í Alnasl (γ) rinn an ghob; agus is iad Nunki (σ) agus τ Sgr an chluas. [1] [2]
Ní hí α Sgr, nó Rukbat, an réalt is gile ar an réaltbhuíon seo ar chor ar bith, gan bheith di ach ar méid 4.0.
Is dlúithe Bealach na Bó Finne ar dhul dó tríd an Saighdeoir, óir is anseo atá lár an Réaltra lonnaithe. Dá bhrí sin, is iomaí réaltbhraisle agus réaltnéal atá le fáil ar an Saighdeoir.
Clár ábhair |
[athraigh] Príomhghnéithe
- β Sgr:
- W Sgr:
- X Sgr:
[athraigh] Réada suntasacha domhainspéire
- M8: sa réaltbhuíon seo tá réaltnéalta le fáil go hiomadúil; tá Réaltnéal an Mhurlaigh (M8) in aice le λ Sgr agus go hálainn le feiceáil tríd an teileascóp
- M17: tá Réaltnéal Omega (dá ngairtear freisin Réaltnéal na hEala agus Réaltnéal an Chrú Chapaill) in aice na teorann leis an Sciath
- M20: réaltnéal mór a bhfuil a lán réaltaí ann atá an-óg agus an-te
- M22: réaltbhraisle chruinneogach
- M23: réaltbhraisle oscailte
- M24: réaltréimse ar Bhealach na Bó Finne
- M55: réaltbhraisle oscailte; tá M55 ar na réaltbhraislí is gile dá bhfuil infheicthe ar realtbhuíon an tSaighdeora; tá sí amuigh is istigh ar 7.5° siar ó δ Sgr.
- Sagittarius A: tá an radafhoinse aimhréiteach dá ngairtear Sagittarius A a bhfuil baint aici le lár an Réaltra lonnaithe fosta ar an réaltbhuíon seo. Dar leis an lucht réalteolaíochta go bhfuil dúpholl for-ollmhór istigh inti.
[athraigh] Miotaseolaíocht
Tá scothchosúlacht cipínigh ar an Saighdeoir a bhfuil bogha á rí aige; agus má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire, is cosúil go bhfuil corp capallach ag an mboghdóir seo [3]. D'aithin na Sean-Ghréagaí a leithéid d'íomhá mar cheinteár, cé gur ionannaigh sibhialtachtaí níos luaithe (na Bablónaigh, mar shampla) leis an dia Pabilsag (a raibh sciatháin agus ceann leoin aige fosta) é.
De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí an Saighdeoir uaireanta le Céarón, agus é ag díriú a bhogha ar an Scairp, cé go n-ionannaítí Céarón níos minice le réaltbhuíon an Cheinteáir. Uaireanta d'ionannaítí réaltbhuíon na Saighde leis an saighead a scaoil an Saighdeoir.
I measc ionannaithe luatha eile faightear an crothal, a bhfuil scothchosúlacht ag na réaltaí is gile leis má chuirtear go léir san áireamh iad. Mar sin, is cosúil go bhfuil baint éigin ag an Saighdeoir, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (go sonrach an Eala, an Lir agus an tIolar)) le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
[athraigh] Astralaíocht
Ní hionann comhartha astralaíoch an tSaighdeora a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (Samhain 22 - Nollaig 21) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (Nollaig 18 - Eanáir 18).
De réir cúpla cosmeolaíocht, tá baint éigin ag an Saighdeoir le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Leon). Tá an Saighdeoir freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, na Maighdine agus na nIasc). Is é Iúpatar is pláinéad ceannasach leis, agus is é an Cúpla is frithchomhartha polach leis. Is é an Saighdeoir áitreabh Iúpatair.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Saighdeoir na corróga agus na ceathrúna.
Is é an ceinteár nó an boghdóir a úsáidtear mar shiombail an tSaighdeora is.
[athraigh] Naisc sheachtreacha
- Yale Bright Star Catalog
- an Saighdeoir ar shuíomh Robin Gatter
- Star Tales de chuid Ian Ridpath
- an Saighdeoir agus Miotaseolaíocht an Domhain
- an Saighdeoir ar shuíomh Richard Dibon-Smith
- Peoria Astronomical Society: an Saighdeoir
- The Deep Photographic Guide to the Constellations: an Saighdeoir
[athraigh] Tagairtí
- Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.3. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0486236730.
Réalteolaíocht | Réaltbhuíonta an Stoidiaca | Astralaíocht |
an Reithe | an Tarbh | an Cúpla | an Portán | an Leon | an Mhaighdean | an Mheá | an Scairp | (Fear na bPéisteanna) | an Saighdeoir | an Gabhar | an tUisceadóir | na hÉisc |
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
Réalthbhuíonta a d'athraigh an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer sa bhliain 1603 ar a léarscáil neamhaí Uranometria |
an Ceinteár | roinnte mar seo: | an Ceinteár | an Chros |
Iasc an Deiscirt | roinnte mar seo: | Iasc an Deiscirt | an Chorr |
an Leon | roinnte mar seo: | an Leon | Folt Bheirnicé |
an Saighdeoir | roinnte mar seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
Réaltbhuíonta a d'athraigh an tAb Nicolas Louis de Lacaille san 18ú aois |
an Long | roinnte mar seo: | an Chíle | Deireadh na Loinge | Compás an Mhairnéalaigh | na Seolta |
an Teileascóp | curtha i gceann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Saighdeoir | Coróin an Deiscirt |
an Abhainn | roinnte mar seo: | an Abhainn | an Fhoirnéis |
an Compás | curtha i geann a chéile ó chodanna díobh seo: | an Ceinteár | an Faolchú |