Plean Forbartha Náisiúnta
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an Plean Forbartha Náisiúnta ná plean an rialtais Éireannaigh le infheistíocht infrastruchtúra a dhéanamh. Tagann an t-airgead as cistí poiblí, príobháideacha agus ón Aontas Eorpach. Tugtar infheistíocht do an-chuid tionscadal agus tionscnamh ar fud na tíre, ina measc sin oideachas, bóithre, iompar poiblí, seirbhísí sláinte, tithíocht shóisialta, forbairt tuaithe, tionscal, seirbhísí uisce agus dramhaíola, cúram leanaí agus forbairt áitiúil. Baineann infheistíocht de €57 billiún leis agus mar gheall ar sin is é an plean infheistíochta is mó agus is ardaidhmeannaí a dréachtadh riamh d’Éirinn. Tá aithne ar an scéim seo faoina hacrainm Béarla, an NDP, cé go bhuil an acrainm PFN luaite uaireanta.