DART
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is córas traenach áitiúil do cheantar Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann é Mearlíne Átha Cliath, ar a dtugtar DART de ghnáth (ón Béarla Dublin Area Rapid Transit). Ritheann sé ó Bhré i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin go Binn Éadair agus Mullach Íde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Tháinig an córas traenach seo isteach i 1986 mar chomharba ar chóras traenach CIÉ, a bhí as dáta le fada. Úsáideann sé línte leictreachais seachas díosal. Tá infheistíocht nua á dhéanamh ann faoi Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) na hÉireann, le carráistí nua a cheannach, chomh maith le stáisiúin agus ardáin nua a thógáil.
[athraigh] Nasc seachtrach
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.