Arthur Schopenhauer
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fealsamh Gearmánach ab ea é Arthur Schopenhauer (Danzig 22 Feabhra 1788 - Frankfurt am Main 21 Meán Fómhair 1860). Bhí sé ar duine de na fealsúna sa naoú haois déag ba túisce a chuir an tuairim i bhfocail go raibh an domhan bunaithe ar phrionsabal míréasúnta. Cosúil le George Berkeley, bhí Schopenhauer barúlach nach mbeadh ollchruinne ar bith ann ach go bé go raibh an duine ann agus é ag tabhairt na hollchruinne faoi deara. Bhí dearcadh dorcha éadóchasach aige ar an saol, nach raibh ann, go bunúsach, ach gleann na ndeor. Maidir leis an moráltacht, bhunaigh sé í ar an trua agus ar an gcomhbhrón, a cheadódh don duine bua a fháil ar a fhéinspéis.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.