See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Cunta Pluincéad - Vicipéid

An Cunta Pluincéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba náisiúnaí agus polaiteoir Éireannach é George Noble Plunkett (3 Nollaig, 185112 Márta, 1948), nó an Cunta Pluincéad mar a tugtar air go minic. Chuaigh sé isteach sa ghluaiseacht nuair a lámhachadh a mhac Seosamh Pluincéad, a bhí ina cheannaire i rith Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ball den Chéad Dáil ab ea é, a chaith tamall beag ina Cheann Comhairle.

Úsáidtear an leagan Ghaeilge Seoirse Pluincéad uaireanta chomh maith.

[athraigh] Tús a shaoil

Rugadh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, mac le tógálaí Pat Plunkett. Fuair sé a chuid oideachas i gClongowes Wood agus Coláiste na Tríonóide, agus chaith sé tamall ag staidéar thar lear freisin, i Nice san Fhrainc agus san Iodáil. Rinne Pápa Leo XIII cunta pápach de sa bhliain 1884, mar gheall ar an dian-obair a rinne sé don phápacht. Chuir Pluincéad bun leis an iris Hibernia, agus é féin ina eagarthóir air. File a bhí ann chomh maith, agus d'fhoilsigh sé a chéad bailiúchán "God's Chosen Festival" sa bhliain 1877. Glaíodh chun an bharra é sa bhliain 1878, ach dhiúltaigh sé é. Ina áit, thosaigh sé ag forbair slí-bheatha dó féin san ealaíon, litríocht agus cultúr. Na postanna a bhí aige ná Stiúrthóir ar Ard-Mhúsaem na hÉireann (1907 - 1916), Leas-Uachtarán ar an Acadamh Ríoga na hÉireann (1908 - 1909, 1911 - 1914) agus Uachtarán ar Cumann Ríoga Ársaíochtaí na hÉireann. Cuireadh Pluincéad amach as Cumann Ríoga Bhaile Atha Cliath mar gheall ar an pháirt a ghlac a mhac san Éirí Amach.

[athraigh] Polaitíocht

Chomh maith lena mhac Seosamh, bhí an bheirt mhac eile aige George agus Seán gafa sa ghluaiseacht freisin, agus is móide gur chuir Seosamh a athair faoi mhionn an IRB am éigean roimh a bhás. B'é bás Sheosamh tar éis an Éirí Amach a thug an spreag do Phluincéad dul isteach i bpolaitíocht. Ba bhall den pháirtí Sinn Féin é, agus toghadh é ina theachta don dáilcheantar Ros Comáin Thuaidh san olltoghchán sa bhliain 1917. Staon na teachtaí go leor amach ón rialtas i Wesminster, Sasana agus bhunaigh siad an Chéad Dáil i dTeach an Ardmhéara ar 21 Eanáir, 1919. Roghnaíodh é ina Cheann Comhairle don chrinniú ar an lá ina dhiaidh sin, 22 Eanáir. Chaith sé an tréimhse idir 22 Eanáir 1919 agus 26 Lúnasa 1921 ina Aire Gnóthaí Eachtracha. Sa phost seo, chuaigh sé go Londain in éineacht le hÉamon de Valera chun idir-bheartaigh le David Lloyd George i mí Iúil 1921. Nuair a tháinig an Dara Dáil i bhfeidhm, tugadh an post Aire Mínealaíona dó. Níor aontaigh Pluincéad leis an gConradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag Mícheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus na daoine eile, nó an tSaorstát nua a chruthaíodh mar thoradh. Dá bharr sin, d'éirigh sé as an suíocháin a bhí aige i Ros Comáin. D'fhan sé mar bhall Shinn Féin, go fiú tar éis an scoilt le Fianna Fáil.

[athraigh] Deireadh a shaoil

Ghlac Pluincéad páirt i bhfothoghchán don dáilcheantar Gaillimh sa bhliain 1936, mar iomaí ó Cumann Poblachta na hÉireann agus Sinn Féin. Níor bhuaigh sé ach 2.12 faoin gcéad den vóta. Bhí sé pósta le Mary Josephine Cranny, agus bhí seachtar leanbh acu. Fuair sé bás in Éirinn sa bhliain 1948, le seacht mbliana is nócha bainte amach aige.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -