See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Zombaí - Vicipéid

Zombaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu
Grúpa aisteoirí a bhfuil cuma agus gothaí zombaithe orthu

Is éard atá i gceist le zombaí ná corpán agus é aiséirithe le horthaí marbhdhraíochta. Is é an creideamh Afra-Chairibeach, an vudú, is bunús leis an bhfocal féin zombaí, ach tá coincheap an mharbháin athbheoite le fáil ina lán miotaseolaíochtaí ar fud an domhain. Creideann lucht an vudú gur féidir le hasarlaí draíocht chumhachtach a oibriú ar an marbhán agus é a ghairm chun beatha arís. Ní bheidh an zombaí ina bheatha i gceart, áfach, ach ina "neamh-mharbh", agus ó nach bhfuil toil ná tuiscint dá chuid féin aige, fanfaidh sé faoi smacht an mharbhdhraoi a d'aiséirigh é.

Bíonn na zombaithe an-choitianta i scannáin uafáis ár linne. B'é George A. Romero a chuir tús leis an bhfaisean lena scannán Night of the Living Dead ón mbliain 1968. B'é Romero a chruthaigh steiréitíopa an zombaí mar is minicí a chastar sna scannáin agus sna coimicí uafáis orainn é sa lá atá inniu ann. Is é an phríomhdhifríocht idir zombaithe an bhéaloidis Chairibigh agus zombaithe an phopchultúir ná nach mbíonn zombaithe na scannán uafáis faoi smacht aon mháistir: ní bhíonn siad ach ag dul timpeall ina n-amadáin gan chiall, agus aon duine a chasfar orthu, ionsóidh siad é, ionas go dtolgfaidh sé féin galar na "zombaíochta" uathu. Is minic freisin a bhíonn zombaithe na scannán ag baint bhaill an choirp de na daoine beo le páirteanna nua a chur in áit na feola atá ag meath de chnámharlach an zombaí. Sa scannán Return of the Living Dead le John A. Russo, bhí na zombaithe an-chosúil le daoine beo, nó bhí toil agus tuiscint dá gcuid féin acu, ach san am céanna, theastaigh uathu go géar inchinn na ndaoine beo a ithe, le maolú leis an bpian a bhí orthu féin.

Is iomaí scannán a théann i dtuilleamaí an choincheapa a dtugtar "apacailipsis na zombaithe" air. I bplota den chineál sin, iompaíonn galar nó nimh rúndiamhair an chuid is mó den chine dhaonna ina zombaithe, ionas go dtiteann an tóin as an tsibhialtacht ar fad, agus ní fhágtar ach dornán daoine ag cur catha ar na sluaite móra de na zombaithe. Bhí scannán Romero, mar shampla, bunaithe ar an smaoineamh seo, agus le déanaí, tá sé le haithint ar an úrscéal úd Cell le Stephen King. Tá "apacailipsis na zombaithe" sách cosúil le bunsmaoineamh an scannáin Invasion of the Body Snatchers ón mbliain 1956. Sa scannán seo, b'iad na "corpsciobthóirí" ón spás a thuirling ar an Domhan lena gcuid íobartach a iompú ina neacha neamh-mharbha a bhí an-chosúil le zombaithe.

Níltear cinnte, cárb as ar tháinig an focal sin zombaí. Is féidir gurb é jumbie is bun leis, focal gnáthchainte sna hIndiacha Thiar a chiallaíonn "taibhse". Focal spéisiúil eile é nzambi, focal as an teanga Kikongo. Is é is ciall leis ná "spiorad an duine mhairbh". Cibé scéal é, is dócha gur tháinig an téarma ó cheann de theangacha Bantúcha na hAfraice trí Fhraincis Háítí. Focal eile is fiú a lua sa choimhthéacs seo ná nzúmbe, ón teanga Kimbundu. Is é is brí leis ná "taibhse".


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -