See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
William Kidd - Vicipéid

William Kidd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba William Kidd, “píoráid fíor iomráiteach”, mac ministir Albanaigh rugadh i nGraonach 22 Eanáir 1645 agus chuaigh sé le mairnéalach go luath ina shaol. I rith Cogaidh Rí Liam III, idir an Fhrainc agus Sasana, bhain sé ard-cáil amach mar chaptaen ar shoiteach foghlaí sna hIndiacha Thiar. Fé 1696 bhí sé ar cheann den Maistrí Mara ba rathúla a sheol amach as Cuan Nua Eabhraic.

William Kidd
William Kidd

D’fhulaing tráchtáil na Breataine go mór ó phíoráidí foghla an tráth úd. Dá bíthin sin thug Liam III an túdarás in 1696 “D’ár gcaptaen iontaofa is rí-ionúin Kidd” píoráideacht mara a chosc agus dul ag seoladh in a fhoghlaí mara in-aghaidh na bhfrancach chomh maith. Mar Mháistir ar an Eachtra, 284 tonna, chuaigh sé faoi sheol le criú de 155 agus 30 gunna thar timpeall gnáthóga clúiteacha na bhfoghlaí – Malabar, Madagascar agus an Mhuir Rua.

Ach chlis air teacht ar fhoglaithe ar bith. Mharaigh an calar cuid dá chriú. Bhí a sholáthairtí bia beagnach ídithe. D’éirigh an long pollta agus rinne an criú míshásta ceannairc. Ag breith greim smachtaithe ar an soitheach chlaon siad chun na píoráideachta, agus rug siad forlámhas ar roinnt longa beaga Múracha. Ar ball d’ionsaigh siad long cogaidh Phortaingéalach agus ar deire thiar ghabh siad soitheach Airméanach deá-luchtaithe, An Ceannaí Céadach.

De réir fianaise Kidd, d’éirigh leis smacht d’athghabháil ar an Eachtra ina dhiaidh sin. Chinn sé ar an sean-bhád a thréigint agus d’aistrigh sé a chreach luachmhar go dtí slúpa gafa. I 1699 thug sé aghaidh ar Bhoston ar an aigne go dtabharfadh sé a shlad dos na húdaráis ansúd. Ach roimhe sin fógraíodh é bheith ina phíoráid ámh agus ghabhadh é ar theacht i dtír dó agus cuireadh faoi thriail é i Londain ar “choir na píoráideachta”.

Ag plé “é bheith ar an té ba neamh-chiontaí díobh uilig”, dhearbhaigh sé gurbh é a chlaon chun na píoráideachta. Ach ainneoin sin fuarthas ciontach é, agus daoradh é freisin i ngeall ar mhairnéalach ceannairceach a mharú.

Ach níor cruthaíodh príomh-hoir na píoráideachta a chuireadh ina leith go háit i theacht éifeachtach riamh, ámh , agus tá roinnt den húdaráis an-amhras mór gur píoráid a bhí ann riamh.

Le blianta fada tar éis a bháis luadh an Captaen Kidd san iliomad bailéad. Spreagadh “Treasure Island” de chuid Robert Louis Stevenson fiú amháin, de bharra chuid eachtraí. Ó am go ham freisin déanann daoine eachtrúla tochaltáin thar chladach Bhostoin agus in áitheacha eile ag dúil go dtiocfaidh siad ar thaiscí saibhre d’ór, d’airgead agus de sheoda luachmhara a chreidtear a bheith i bhfolach ó aimsir an fhoghlaí mara úd.

Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -