Urjala
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceantar san Fhionlainn is ea é Urjala (Urdiala as Sualainnis, cé nach n-úsáidtear an leagan Sualainnise go minic inniu). Tá Urjala suite i gcúige na Fionlainne Thiar, nó i gcúige traidisiúnta na Tabhastlainne. Tá 5540 duine ina gcónaà ansin. Tá Urjala ag crÃochantacht le Forssa, Humppila, Kylmäkoski, Kalvola, Tammela, Punkalaidun, Vesilahti, agus Vammala.
Is à an Fhionlainnis an t-aon teanga dhúchasach amháin a labhraÃtear in Urjala, agus nà bheifeá ag súil lena mhalairt sa Tabhastlann.
[athraigh] Nuutajärvi - Sráidbhaile na Gloine
Is é "sráidbhaile na gloine" (lasikylä), Nuutajärvi, an áit is mó le rá in Urjala inniu. Is iad na séiteoirà traidisiúnta gloine a thuill a clú do Nuutajärvi, agus is féidir earraà gloine a cheannach sa sráidbhaile a séideadh de réir na seanmhodhanna oibre. Tá radharc ag na daoine ar an gceárta gloineadóireachta, i gcruth is go bhfeiceann siad an dóigh a bhfuiltear ag séideadh gloine. BunaÃodh monarcha gloine Nuutajärvi sa bhliain 1793, agus is à an mhonarcha gloine is sine san Fhionlainn. Tá scoil séiteoireachta gloine san áit freisin.
[athraigh] I nDilchuimhne ar Väinö Linna
Is follasach nach ligtear cuimhne Väinö Linna i ndearmad ach an oiread. Gach bliain, ceiliúrtar Féile Pentinkulma, nó Pentinkulman päivät, in Urjala, agus na scrÃbhneoirà is an lucht léinn ag teacht le chéile i ndeireadh Mhà Iúil nó i dtús Mhà Lúnasa le tábhacht an scrÃbhneora i gcultúr na Fionlainne a phlé nó le gnéithe de stair na Fionlainne a chardáil a bhfuil baint acu le saol is le saothar Väinö Linna, ar nós an chogaidh chathartha. Is é cumann cuimhneacháin Väinö Linna, nó Väinö Linnan seura, a chóirÃonn an fhéile.