Tommy Burns
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'imreoir agus bainisteoir sacair Albanach é Thomas "Tommy" Burns (16 Nollaig, 1956 – 15 Bealtaine 2008). Ba leis na foirne Ceiltigh Ghlaschú agus Kilmarnock a d'imir sé, agus roghnaíodh é chun imirt leis an bhfoireann idirnáisiúnta in ocht gcluiche chomh maith. Tar éis dó an spórt a fhágáil mar imreoir, tháinig sé ar ais ina bhainisteoir ar na gCeiltigh idir 1994 agus 1997. Chaith sé bliain amháin ina dihiaidh sin ina bhainisteoir ar Reading F.C. i Sasana, sular éirigh sé as an spórt don uair deireanach.
Nocht na Ceiltigh go raibh Burns ag fualaingt le h-ailse chraicinn ar an 29 Márta 2006. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar an 10 Márta 2008, fograíodh go raibh babhta nua tosaithe ag Burns leis an galar céanna, agus go raibh sé ag dul ar chúrsa leighis arís. Níor mhair Burns ach dhá mhí níos faide.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.