Toirmeasc an óil in SAM
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Déanann Toirmeasc an Óil tagairt don tréimhse seo i stair SAM nuair a rinne na húdaráis iarracht cosc ar alcól a leagadh síos ar phobal Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa tréimhse idir 1920 go 1933. Bhí cosc ar díolachán, déantúsaíocht, agus tomhaltas alcól curtha i bhfeidhm de réir an Ocht Leasú Déag de Bhunreacht Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Bhí eagraíochtaí reiligiúnach agus pholaitiúila ann roimhe seo agus ina dhiaidh ar an phort chéanna, ag lorg toirmeasc an óil a chur i bhfeidhm.
Spreag an Toirmeasc méadú ollmhór ar an ólachán, ar an choir eagrraithe-agus ar cheannacht agus bhreabaireacht i measc oifigigh péas agus rialtais. Seo aimsir na 'bootleggers' agus na drongadóirí, ar nós Al Capone agus Bugs Moran.
Lena linn d'alcól in ainm a bheith faoi chois, mhéadaigh tionscnamh an óil i SAM go luach $4 billiún. Faoin bhliain 1927, bhí thart fa 30,000 síbín, no speakeasies, sa tir, líon dhá oiread níos mó ná an méid tithe tábhairne dleathacha a bhí ann roimh an Toirmeasc.
Chuir an Toirmeasc go suntasach le heacnamaíocht na dtíortha magúird. Shábháil sé na Báhamaí ón chlisiúnas.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.