Stuart Sutcliffe
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba ealaíontóir agus ceoltóir é Stuart Fergusson Victor Sutcliffe (23 Meitheamh, 1940 – 10 Aibreán, 1962). Bhí cáil ag Sutcliffe mar dhord-ghiotáraí den bhanna rac-cheol The Beatles idir 1960 agus 1961.
[athraigh] Saol
Rugadh Sutcliffe i nDún Éideann, Albain ach d'fhás sé suas i Learpholl, Sasana. Bhuail sé le John Lennon san ollscoil, agus d'aontaigh Sutcliffe seinm leis an bhanna nua a bhí aige. Ní raibh Sutcliffe ábalta an uirlis a sheinm, ach cheap Lennon go raibh an stíl ceart aige. Chuaigh Sutcliffe leis an bhanna go dtí An Ghearmáin, agus bhuail sé le Astrid Kirchherr anseo, ealaíontóir agus grianghrafadóir. Bhí níos mó suim agus tréith ag Sutcliffe mar phéintéir, agus d'fhág sé an bhanna i 1961. Thosaigh Paul McCartney ag seinm an dhord-ghiotár ina áit. Phós sé le Kirchherr, ach fuair sé bás tar éis fuiliú inchinne, cúpla míonna níos déanaí.