Seoirse de Brún
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba cheannaire Arm Impriúlacht na Rúise é an tÉireannach Seoirse de Brún (Georg Reichsgraf von Browne as Gearmáinis, Yuri Yurievich Broun nó Юрий Юрьевич Броун as Rúisis) a d’fhreastal faoin Impire Peadar III agus an Bhan-Impire Cáitríona II.
Rugadh i Cathair Luimnigh é ar an 15ú Meitheamh 1698 do chlann uasal Normannach. Ach ós gur Caitliceach é, b’éigean dó imeacht thar lear chun freastal mar shaighdiúir. Shrois sé an Rúis, áit a raibh Peadar de Lása, Luimníoch eile, ina cheannaire ar an arm agus phós de Brún Éibhlín, iníon an Lásaigh.
Nuair a thárla ceannairc i gcoinne an Bhan-Impire Áine, chabhraigh de Brún chun í a choimeád i gcumhacht agus ardaíodh go rang an choirnéil é.
Bhain sé an-cháil amach le linn Cogadh na Seacht mBliana agus ba ghinearál é nuair a ghortaíodh é ag Cath Zorndorf. Ina dhiaidh sin, d’fhreastal sé tríocha bliana mar Ghobharnóir na hEastóine agus na Livóine. D’éag sé i Riga in aois 94 blian ar an 18ú Meán Fómhair 1792.