Seán F. Lemass
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán F. Lemass | ||
|
||
3ú Taoiseach
|
||
I bhfeidhmeannas: | 23 Meitheamh, 1959 - 10 Samhain, 1966 | |
Réamhtheachtaí: | Eamon de Valera | |
Comharba: | Seán Ó Loingsigh | |
Dáta breithe: | 15 Iúil, 1899 | |
Áit bhreithe: | Baile Átha Cliath, Éire | |
Dáta báis: | 11 Bealtaine, 1971 | |
Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
Gairm: | Polaiteoir | |
Páirtí polaitíochta: | Fianna Fáil | |
Tánaiste: | (1) Seán Mac an tSaoi (2) Proinsias Mac Aodhagáin |
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtas na hÉireann) idir 1959 agus 1966.
[athraigh] Saol
Rugadh Seán Francis Lemass i 1899 i mBaile Átha Cliath. Agus é in ógánach ghlac sé páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aois. Bhí sé gníomhach freisin i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922. Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 agus bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh agus i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959). I 1959 toghadh mar Thaoiseach é. Sa ré sin bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht. Thug sé cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán. D'éirigh sé as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. D'éag sé i 1971.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.