Muiris Ó Súilleabháin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba scríbhneoir Éireannach é Muiris Ó Súilleabháin (19 Feabhra 1904 – 25 Meitheamh 1950) a bhain cáil amach leis an leabhar Fiche Bliain ag Fás, a fhoilsíodh as Gaeilge agus as Béarla sa bhliain 1933. Sa scéal seo, déanann Ó Súilleabháin cur síos ar a shaol féin agus é ag éirí aníos ar an mBlascaod Mór, an t-oileán is mó de Na Blascaoidí i gContae Chiarraí.
Glactar leis go bhfuil an saothar seo ar cheann de chlasaicí na hÉireann, agus is sampla maith é de chanúint Gaeilge na Mumhan.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.