See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Mol Ní Mhaoileoin (amhrán) - Vicipéid

Mol Ní Mhaoileoin (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An dealbh ar Shráid Grafton, Baile Átha Cliath.
An dealbh ar Shráid Grafton, Baile Átha Cliath.

Amhrán tíriúil é Mol Ní Mhaoileoin (Béarla: Molly Malone, nó Cockles and Mussles) a bhfuil meas "amhrán náisiúnta Bhaile Átha Cliath" air. Is gnách le lucht tacaíochta Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath, lucht tacaíochta fhoireann rugbaí Chúige Laighean, agus fhoireann rugbaí na hÉireann an t-amhrán a chanadh leis na lúthchleasaithe a spreagadh chun teagmhála. Is é is ábhar don amhrán ná scéal spéirmhná a bhí ina mangaire éisc sa chathair agus a fuair bás go hóg.

Sa bhliain 1987, tógadh dealbh i Sráid Grafton i mBaile Átha Cliath le cuimhne a choinneáil ar Mhol Ní Mhaoileoin. Bíonn leasainmneacha leathgháirsiúla ag muintir na háite ar an dealbh, ós rud é go gcuireann sí in iúl go raibh cíocha móra éiritheacha ag Mol. Thairis sin, taispeánann an dealbh Mol ag caitheamh éadaí na seachtú haoise déag, nuair a bhí sé faiseanta ag na mná cuid mhór dá gcíocha a fhágáil ris.

Bíonn scéalta éagsúla ag dul timpeall faoi phearsa Mhol Ní Mhaoileoin, cuid acu ag tabhairt le fios go gcaitheadh sí na laethanta ag díol éisc agus na hoícheanta ag dul le striapachas. De réir scéalta eile, bhí sí ar an mbeagán banmhangairí éisc nach raibh ag cleachtadh meirdreachais mar shlí bheatha breise.

Níl Mol Ní Mhaoileoin bunaithe ar aon phearsa stairiúil, áfach, nó níl ann ach bailéad a tháinig ó pheann James Yorkston ó Dhún Éideann timpeall na bliana 1880. An meascán den ghreann is den traigéid atá ann, is é faisean na linne is bun leis, nó bhí amhráin den chineál seo á gcumadh go fairsing san am, faoi thionchar O my darling Clementine.

Tá an sobalscéal Éireannach Fair City ainmnithe as tús an leagain Bhéarla den amhrán seo (In Dublin's fair city...).


[athraigh] Téacs Gaeilge

I mBaile Átha Cliath
Ní fhaca mé riamh,
Aon chailín níos sciamhaí ná Mol Ní Mhaoileoin,
Ag stiúradh a barra,
Gach áit ins an chathair,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.
Ba mhangaire éisc í,
An cheird di ab éascaí,
Ós amhlaidh dá muintir ó chianta fadó,
Ag stiúradh a mbarra,
Gach áit ins an chathair,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.
Ach mo chreach is mo dhiachair,
Fuair Mol bhocht an fiabhras,
Agus b'in i an chríoch a bhí le Mol Ní Mhaoileoin,
Ach tá taibhse sa chathair,
ag stiúradh a barra,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo!
Is iad go breá beo, is iad go breá beo,
Le ruacain is sliogáin, is iad go breá beo.


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -