Miotal trom
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seanra rac-cheoil is ea miotal trom, nó ceol trom-mhiotalach, a tháinig ar an saol ag deireadh na 1960idí agus tús na 1970idí. Go bunúsach, is comhceangal idir na gormacha agus rac-cheol crua é. Is iad Led Zeppelin, Black Sabbath agus Deep Purple na rac-bhannaí a luaitear is minic nuair a phléitear na daoine a chuir tús leis.
Do tháinig an miotal trom go mór chun cinn sna hoctódaí le bannaí ceol cosúil le Metallica Slayer agus Testament . Tá alán seánraí tagtha tar éis na bannaí ceol, mar shampla Miotal nua a tháinig chun cinn sna nóchadaí, nuair nach raibh morán suim sa mhiotal, i gcomparáid leis na hoctódaí. Bannaí cosúil le Korn Slipknot agus Machinehead a bhí ar na bannaí is cáiliúla agus is ráthúla. Tar éis na nóchadaí, do tháinig athbheocan de short le bannaí cosúil le trivium, shadows fall agus bullet for my valentine ag senim an tsaghas miotal a bhí cosúil leis an tsaghas miotal a bhí cáiliúil sna hochtódaí. An phríomh difríocht idir na bannaí seo agus na bannaí nua mhiotal ná an structúr ar a gcuid amhráin, mar shampla, páirt giotar aonair a chuir ar ais san amhrán. Ní raibh sé seo déanta sna nóchadaí, toisc go raibh alán stiúrthóirí, mar shampla, Ross Robinson, go mór in a choinne. Comh maith le seo, bhí suim mór ag alán bannaí nua mhiotal a gcuid giotar a chuir i dtiúin an-íseal nó fiú giotar le seacht (nó fiú ocht) sreang a úsáid. Níor déanadh é seo sna hoctódaí, deirtear gur tré de chuid an nua mhiotal é seo. Comh maith le seo, bhí tionchar ag an "rap-cheol" ar cuid de na bannaí nua mhiotal, agus tá sé seo le feiscint i mbannaí cosúil le limp bizkit, nó, fiú amháin, an "rap-cheolaí" ice cube ag canadh san amhrán "children of the korn" ar an triú albam de chiuid korn, "Lean an cheannaire" (follow the leader).
De bharr é seo, tugtar ceoltóirí den "sean-scoil" ar bannaí ó na hoctódaí, mar shampla Slayer atáfós ag senim sa lá atá inniú ann. Freisin, d'fhéadfá a rá go bhfuild bannaí nua a raibh tionchar ag sean grúpaí den sean scoil friesin.
[athraigh] Seánraí
- Miotal báis
- Miotal dubh
- Miotal treascair
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.