Leon Trotscaí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba réabhlóidí Boilséiveach agus Marxach é Leon Trotscaí (Rúisis: Лев Давидович Троцкий, Béarla: Leon, Leo, Lev, Trotsky, Trotskii, Trotski, Trotskij agus amanta Trotzky), (7 Samhain, 1879 - 21 Lúnasa, 1940). Ba as An Úcráin é Trotscaí, agus rugadh é leis an t-ainm Lev Davidovich Bronstein (Rúisis: Лев Давидович Бронштейн). Ceannaire tábhachtach ab ea é go luath san Aontas na Sovéide, agus bhunaigh sé an Airm Dhearg. Bhí coimhlint idir é féin agus an ceannaire nua Iósaf Stailín sna 1920í, agus mar thoradh cuireadh Trotscaí amach as an Rúis i bhFeabhra 1929. Chuaigh sé go dtí an Tuirc agus chónaigh sé ansin 1929-1933. Chónaigh sé sa bhFrainc 1933-1935 agus san Iorua 1935-1937. Chuir rialtas na hIorua é amach i 1937 agus fuair sé port sa Mheicsiceo, ach d'fheallmharaigh Ramón Mercader, gníomhaire Rúiseach, é i 1940.
[athraigh] Naisc sheachtracha
Cartlann Béarla le téacsanna a scríobh Trotscaí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.