See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Language Freedom Movement - Vicipéid

Language Freedom Movement

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Buanaíodh an Language Freedom Movement (LFM) (Gluaiseacht Saoirse Teangan as Gaeilge) sa bhliain 1966. Ba ea í aidhm na gluaiseachta ná cur in aghaidh athbheochan stát-urraithe na Gaeilge in Éirinn. Thacaigh na scríobhnóirí Gaeilge Séamus Ó Grianna ("Máire") agus John B. Keane leis an bhfeachtas.

Chuir lucht tacaíochta na Gaeilge isteach ar chruinnithe an LFM. I mí Lúnasa 1966 chuir lucht agóide isteach ar chruinniú agus chan siad "God Save the Queen" ag greannú iad siúd a bhí ag freastal ar an gcruinniú.

I mí Meán Fomhair 1966, bhí cruinniú ag an LFM sa Mansion House i mBaile Átha Cliath ach bhí lucht an LFM báite i measc slua mór Gaeilgóirí. Chuir agóideoirí na Gaeilge isteach ar an gcruinniú, ag caitheamh bratach na Ríochta Aontaithe, agus ag iarraidh bratach na hÉireann a bhaint ón stáitse. Tharla scliúchas beag freisin.

Níor cuireadh ord ar an gcruinniú go dtí gur labhair Dónal Ó Móráín, ceannaire Ghael Linn ón bpóidiam. Dúirt sé gur ba cheart go mbeadh lucht an LFM ábalta caint ag a gcruinniú féin má éistítear le hargóintí na n-agóideoirí. Ní dhearna na Gardaí faic chun smacht a chur ar an gcruinniú agus bhí caint faoi sin sa Dáil.

D'éirigh leis an LFM ceist na Gaeilge éigeantaí a chur ar an gclár oibre polaitiúil. Nuair a bunaíodh an LFM, fuarthas teip iomlán san Ardteistiméireacht tar éis teipe sa scrúdú Ghaeilge. Cuireadh deireadh leis an nós sin sa bhliain 1973. Ón mbliain 1974 amach, ní raibh gá leis an nGaeilge chun poist a fháil sa Státseirbhís.

Ceaptar gur shásaigh na h-athraithe praiticiúla lucht tacaíochta an LFM mar bhásaigh an ghluaiseacht.

I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -